Pádraig Óg Ó Conaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scríbhneoir Éireannach é Pádraic Óg Ó Conaire, a rugadh i gContae na Gaillimhe sa bhliain 1893 agus a fuair bás i gCuan Chasla ar an 5 Lúnasa 1971.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oireachtas na Gaeilge.jpg

Thosaigh Ó Conaire ar an scríbhneoireacht agus é ina óigfhear agus lean sé den ealaín sin ar feadh beagnach seasca bliain: ghnóthaigh sé duais in Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1913 le gearrscéal. Foilsíodh an leabhar deiridh uaidh sa bhliain 1975, tamall tar éis a bháis.

Lón léitheoireachta gan uaillmhian ardealaíonta a bhí i gceist aige lena chuid leabhar. Ach is foinse luachmhar eolais a shaothar faoin saol a chaith muintir Chonamara lena linn.

Bhain Mícheál Ó Conghaile an-úsáid as scríbhneoireacht Phádraig Óig nuair a scríobh sé a shaothar taighde faoi shaol Chonamara agus faoin gcur síos a tugadh air i litríocht an cheantair.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Pádraic Óg Ó Conaire i Ros Muc, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1893. Fuair sé a chuid bunscolaíochta ansin agus ghnóthaigh sé scoláireacht as sin le dul go Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, an scoil a bhunaigh Pádraig Mac Piarais.

Fuair sé teastas múinteora agus é fós ag freastal ar Scoil Éanna sa bhliain 1910. Múinteoir taistil a bhí ann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin i dTír Eoghain agus i Maigh Eo, in Uíbh Fháilí agus in áiteanna eile. Timpeall fiche bliain a chaith sé ar an obair sin.

Sa bhliain 1913 chuir Seán T. Ó Ceallaigh faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse.

Bhí Ó Conaire ina ollamh i gColáiste an Spidéil ar feadh naoi mbliana déag.

Chaith Ó Conaire seacht mbliana fichead ina aistritheoir i dTeach Laighean ó 1931 go 1958, agus bhí sé ina léitheoir nuachta do Raidió Éireann chomh maith.

Phós sé Anastasia O'Connell as Béal Átha na Muice i Maigh Eo i 1913. Ba sa bhaile sin a chónaigh sé go dtí go bhfuair sé an post mar aistritheoir i mBaile Átha Cliath. Bhí triúr mac aige, agus iníon a fuair bás go hóg.

Fuair Ó Conaire bás tar éis dó éirí tinn agus é ag iascaireacht i gCuan Chasla

Fuair Ó Conaire bás tar éis dó éirí tinn agus é ag iascaireacht i gCuan Chasla lena mhac Piaras, ar an 5 Lúnasa 1971. Cuireadh i mBéal Átha na Muice é.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na leabhar a scríobh sé tá:

  • Mian a Croí, 1922
  • Solas an ghrádha, 1923
  • Cóilín Ó Cuanaigh, 1923
  • Anam an Pháiste, 1924
  • Cara an Mhic Léighinn, 1924
  • Seoid ón Iarthar Órdha, 1924
  • An Fraoch Bán, 1924
  • Draoidheacht na Fairrge, 1927
  • Droichead na Gaedhilge, 1927
  • Éan Cuideáin, 1936
  • Ceol na nGiolach, 1939
  • Athaoibhneas, 1959
  • Fuine gréine, 1967
  • Déirc an Díomhaointis, 1972
  • Liam Ó Maolruanaigh, 1975

Rinne sé a lán aistriúchán freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]