Carl Sagan
Jump to navigation
Jump to search
Réalteolaí is scríbhneoir a rugadh i mBrooklyn, Nua-Eabhrac ab ea Carl Edward Sagan (9 Samhain 1934 – 20 Nollaig 1996). Rinne sé taighde ar atmaisféir is dromchlaí na bpláinéad, bunús na beatha ar Domhan, agus an dóchúlacht go bhfuil intleacht eachtardhomhanda ann.
Rinne sé éacht i gcur chun cinn na réalteolaíochta is na heolaíochta go ginearálta i measc an phobail le cláir teilifíse is eile.
Rogha Ráitis[cuir in eagar | athraigh foinse]
“Is áit bhreá mhór í an chruinne. Má tá muid linn féin, is cosúil gur cur amú uafásach spáis é.”[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |