Johannes Kepler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohannes Kepler

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Nollaig 1571
Weil der Stadt (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás15 Samhain 1630
58 bliana d'aois
Regensburg (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Áit adhlacthaRegensburg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tübingen
Evangelical Seminaries of Maulbronn and Blaubeuren (en) Aistrigh
Tübinger Stift Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Máistir Ealaíon
Comhairleoir dochtúireachtaMichael Maestlin
Gníomhaíocht
Réimse oibreOptaic, réalteolaíocht, matamaitic agus meicnic
Suíomh oibre Ulm (1626–)
Linz (1611–1626)
Graz (1594–)
Prág Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmnádúraí, cosmeolaí, fisiceoir, teoiricí ceoil, fealsamh, scríbhneoir, ceoleolaí, matamaiticeoir, réalteolaí, astralaí, diagaire, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Graz Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidMichael Maestlin agus Tycho Brahe
Mac/iníon léinnPeter Crüger, Ambrosius Rhode agus Johann Odontius
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin agus an Ghearmáinis
UrraitheoirEmperor Rudolf II (en) Aistrigh (1602–1612)
Albrecht von Wallenstein (en) Aistrigh (1628–) Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileBarbara Müller (1597–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHeinrich Kepler  agus Katharina Kepler
SiblínMargarethe Maickler
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 8396584 Cuir in eagar ar Wikidata

Réalteolaí is matamaiticeoir, a rugadh i Weil-der-Stadt na Gearrnáine, ab ea Johannes Kepler (27 Nollaig, 157115 Samhain 1630). Tá clú agus cáil air de bharr cur síos a dhéanamh ar dhlíthe faoi ghluaiseacht na bpláinéad. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta:[1] eisean a d'aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D'fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.

Chabhraigh dlíthe Kepler le teoiric Imtharraingt uilíochas Isaac Newton a thabhairt chun cinn.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhúin Kepler Mata ag scoil i Graz san Ostair.

D'oibrigh sé mar chúntóir do Tycho Brahe (ag deireadh a shaoil, bhí Brahe mar mhúinteoir is pátrún ag Kepler).

D'oibrigh sé chomh maith mar mhatamaiticeoir na cúirte don Impire, Rudolf II, mar mhúinteoir mata i Linz agus mar chomhairleoir don Ghinearál Wallenstein.

Anuas air sin d'oibrigh sé san optaic agus chruthaigh sé go raibh an ceart ag Galileo Galilei.

Eolaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'shin é an chéad duine a d'aithin struchtúr an ghrianchórais agus a chuir síos na dlíthe a rialaíonn gluaisne na bpláinéad[2], mar achoimriú ar obair Tycho Brahe.

Chomh maith le Galileo, mhol Kepler teoiric Copernicus go bhfuil an ghrian i lár an ghrianchórais, bíodh is nár chomhfhreagair na fithisí réamhinste do na fíorfhithisí.

D'fhionn sé gur ar chruth éilips atá fithis gach pláinéid, agus ní ar chruth ciorcail mar a cheap Copernicus.

Uirlisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair Kepler teileascóp simplí, teileascóp athraonta.[3][4] Nuair a d’fhéach sé trína theileascóp, chonaic sé rudaí bun os cionn. Ní fadhb mhór í seo ag féachaint ar réalta, mar go hiondúil bíonn an chuma chéanna ar réalta má tá sí bun os cionn nó má tá sí mar ba chóir di a bheith. Ach bíonn cuma an-difriúil ar rudaí níos cóngaraí, ar an ngealach mar shampla.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón obair Kepler a d'fhorbair Newton teoiric na hImtharraingthe ó réamhobair Bhrahe agus Kepler. Mar a dúirt Newton féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinne as é trí sheasamh ar ghuaillí fathach." Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dan O'Regan. Fisic don Ré Nua. ISBN: 978-1-85791-749-9[5]
  • Kepler do Mhuinteoirí (JCT)[6]
  • Ciclipéid na hOllchruinne: Cóiméad - D
  • University of Tennessee's Dept. Physics & Astronomy: Astronomy 161 page on Johannes Kepler: The Laws of Planetary Motion

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Blag Nua Gaeilge: Ciclipéid na hOllchruinne: Cóiméad - D". Blag Nua Gaeilge (2019-06-13). Dáta rochtana: 2020-11-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. cogg.ie (Samhain 2013). "Eureka Iml 10 Eagrán 8". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-17. Dáta rochtana: 2020.
  4. "Refracting telescope" (as en) (2020-11-13). Wikipedia. 
  5. Dan O'Regan. ISBN: 978-1-85791-749-9 (2011). "Fisic don Ré Nua". Dáta rochtana: 2020.
  6. jct.ie. "Kepler do Mhuinteoirí". Dáta rochtana: 2020.