Ficsean eolaíochta i nGaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Ficsean eolaíochta i nGaeilge ann ná an seánra litríochta ficsean eolaíochta atá ar fáil i Gaeilge. Faightear locht ar an nGaeilge toisc go samhlaítear nach bhfuil go leor den seánra seo sa litríocht aici.

Samplaí Áirithe a Luaitear leis an Seánra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Domhan faoi Cheilt le Iarla Mac Aodha Bhuí Cló Mhaigh Eo 1999[cuir in eagar | athraigh foinse]

Turas a thugann Evan agus Brigitta isteach i nduibheagán an spáis. Cá bhfios cén cineál allúrach a chasfar orthu nó cén chontúirt ina mbeidh siad.

An Clár Amanda, Iarla Mac Aodha Bhuí, Cló Mhaigh Eo, 2000[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann beirt dheartháir ar fhianaise go bhfuil deachtóir sa Chianoirthear in ann seilbh a ghlacadh ar intinn an duine trí chlár úr ríomhaireachta agus na milliúin a chur i gcuntais bhainc san Eilvéis ag an am céanna. Agus iad fós ag iarraidh teacht ar réiteach faoi cheard ba chóir dóibh a dhéanamh beirtear greim ar intinn dhuine acu féin Scéinséir na déaglitríochta Gaeilge.

Talfasg scéal finsceolaíochta a dhíríonn ar bhuachaill a dheirfiúr agus cailín a aimsíonn inneall a chuireann iad ag taisteal tríd an am chuig an todhchaí, tá an domhan scartha 2065, tá an teicneoalíochta sách dona seachas na carranna ciúine, rud atá tarlaithe, tá sliseanna in inchinní daoine agus táthar ag iarraidh smacht a choinneáil ar an domhan, casann siad lena chéile sa todhchaí agus ar deireadh éiríonn leo deireadh a chur leis an gcóras polaitiúil ansmachtach agus filleadh ar an mbliain 1991 as ar tháinig siad. Tá deacracht creideamh sna hainmneacha daonna agus áiteanna. D'aistrigh Liam Prút é.

  • Smaointe Beaga Cumhachtacha le Pól Ó Cainín - leabhar ficsean eolaíochta sa tsraith Foghlaimeoir Fásta

Saothair áirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1923 "Cuairt ar an nGealaigh" Mac Craith, Mícheál Éire Fáinne an Lae, 17-03-23
  • 1923 "Eachtra Fuirne" Mac Craith, Mícheál Éire Fáinne an Lae, 15-12-23
  • 1924 "Na Néalladóirí" Piatt, Donn Éire An Reult, 1924
  • 1925 Sprid na Sean-Laoch Ó Broin, Leon Éire Sguab, Samhain. 1925
  • 1925 Dibheartaigh ó Shean-Shasana Ó Ciarghusa, Seán Éire gan foilsiú - FL, 14/11/25
  • 1926 "Páipéar a Fristadh i mBosca" Ó Conaire, Pádraic Éire Connacht Tribune, 29-05-1926
  • 1927 "Aisling" Ó Riain, Art Éire Fáinne an Lae, Deir. Fómhair 1927
  • 1927 An Tost Ó Riain, Art Éire
  • 1932 "Díoghaltas ar Ghallaibh…" O'Brien, Flann Éire Irish Press 18-01-1932
  • 1932 "Teacht agus Imeacht Sheán Bhuidhe" O'Brien, Flann Éire Irish Press 13-06-1932
  • 1933 "Marbhan" Conan (ainm cleite) Éire Connacht Tribune, 25-03-1933
  • 1938 "Ceithre Bhuille an Chluig" Ó Torna, Seosamh Éire Bonaventura, Earrach 1938
  • 1938 "Duinneall" Ó Torna, Seosamh Éire Bonaventura, Earrach 1938
  • 1940 Manannán Ní Ghráda, Máiréad Éire
  • 1947 Algoland MacMaoláin, Seán Éire
  • 1960 Captaen Spéirling agus an Phláinéad do Phléasc Ó Sándair, Cathal Éire
  • 1961 Captaen Spéirling, Spás-Phíolóta Ó Sándair, Cathal Éire
  • 1961 Leis an Chaptaen Spéirling go Mars Ó Sándair, Cathal Éire
  • 1985 Pax Dei Ó Brolacháin, Mícheál Éire
  • 1988 A.D. 2016 Standún, Pádraig Éire
  • 1995 Siosafas Ó Muirí, Pól
  • 1997 An Fear a Phléasc Ó Congaile, Mícheál
  • 1999 Domhan Faoi Cheilt Mac Aodha Bhuí, Iarla Éire
  • 2000 An Clár Amanda Mac Aodha Bhuí, Iarla
  • 2003 Ag Altóir an Diabhail MacSíomóin, Tomás Éire

Scéalta agus Leabhair ó Ghaeilge na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "An t-Eilean Céin" le Garbhan MacAoidh, Gairm 32, 307–311, (1960)
  • "An Duine Ùr" le Rob Shirley, Gairm 38, 109–115, (1961)
  • Iain am Measg Nan Reultan le Iain Mac a' Ghobhainn (1970)
  • "An Rionnag" le Iain Mac a' Ghobhainn i an Adhar Ameireaganach (1973)
  • Clann a' Phroifeasair le Maoilios M. Caimbeul (1988)
  • Talfasg le Maoilios M. Caimbeul (1990)
  • "An Keppler" le Iain MacIlleathain (2008) i An Claigeann aig Damien Hirst le Ùr-sgeul
  • "Luathas-teichidh" le Tim Armstrong (2011) i Saorsa le Ùr-sgeul
  • Air Cuan Dubh Drilseach le Tim Armstrong (2013)
  • "Cuilean na Nollaige" le Tim Armstrong sa nuachtán, an t-Albannach (21-12-2013)
  • An t-Adhar Ur le Dennis King.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Science Fiction and Fantasy in the Irish Language. le Philip O’Leary
  • Jack Fennell, a bhailigh liosta na saothar Gaeilge, tugann sé cuntas orthu ina shaothar A Short Guide to Irish Science Fiction.