An Bhulgáiris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Bhulgáiris
български език

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais9,000,000 (2014)
Á labhairtNa Balcáin
Dúchasach doan Bhulgáir, Xanthi Prefecture (en) Aistrigh, Pirot District (en) Aistrigh agus Edirne Province (en) Aistrigh
Stáitan Bhulgáir, an Mhacadóin Thuaidh, an Úcráin, An tSeirbia, an Rómáin, an Ghréig, an Tuirc, An Mholdóiv, an Albáin agus an Rúis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha deisceartacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaBulgarian alphabet (en) Aistrigh, Bulgarian Braille (en) Aistrigh agus Aibítir Choireallach
Institiúid caighdeánaitheInstitute for Bulgarian Language (en) Aistrigh
Staidéar agBulgarian philology (en) Aistrigh agus Bulgarian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1bg
ISO 639-2bul
ISO 639-3bul
Glottologbulg1262
Linguasphere53-AAA-hb
Ethnologuebul
ASCL3502
IETFbg

Teanga Shlavach í an Bhulgáiris, agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de na teangacha Slavacha eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar na Gréigise agus na dteangacha Balcánacha - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach an Mhacadóinis cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.

Is í an chéad teanga liteartha a bhí á saothrú ag na Bulgáraigh ná an tSean-Slaivis Eaglasta, a dtugtar Sean-Bhulgáiris uirthi chomh maith. Níos déanaí, go háirithe sa cheathrú haois déag, bhítí ag scríobh agus ag foilsiú téacsanna i Meán-Bhulgáiris, nach raibh ina teanga aonadach ar aon dóigh: ní raibh ann ach meascán den tSean-Slaivis Eaglasta agus de chaint na ndaoine, agus bhí a thuairim féin ag cách faoin dóigh cheart leis an dá chuid seo a mheascadh.

Tháinig an Nua-Bhulgáiris, a bhfuil a gramadach múnlaithe ar chaint na ndaoine, ar an bhfód sa 19ú haois. San am seo, áfach, bhí caint na ndaoine tar éis cuid mhór focal iasachta a fháil ón Tuircis, rud nár thaitin leis na Náisiúnaithe. Mar sin, tugadh isteach cuid mhór focal léannta ón tSean-Slaivis agus ón Rúisis féin sa teanga scríofa.

Is í an t-aon aibítir amháin a úsáidtear sa Bhulgáiris inniu ná an aibítir Choireallach. I ndiaidh leasú na haibítire sa bhliain 1945, nuair a caitheadh na litreacha úd ѣ /æː/ agus ѫ /ɔ̃/ i dtraipisí, is ionann litreacha na Bulgáirise agus na Rúisise. Scéal eile é, áfach, go bhfuil difríochtaí san fhuaimniú. Fuaimnítear Щ щ na Bulgáirise mar /ʃt/ ("sht" de réir litriú an Bhéarla), agus maidir leis an "gcomhartha crua" Ъ ъ /ɤ̞/, /ə/, nach bhfuil ann sa Rúisis ach comhartha a sheasann do theorainn idir dhá shiolla, fuaimnítear mar ghuta doiléir ("guta cúnta") é sa Bhulgáiris.

А а
/a/
Б б
/b/
В в
/v/
Г г
/g/
Д д
/d/
Е е
/ɛ/
Ж ж
/ʒ/
З з
/z/
И и
/i/
Й й
/j/
К к
/k/
Л л
/l/
М м
/m/
Н н
/n/
О о
/ɔ/
П п
/p/
Р р
/r/
С с
/s/
Т т
/t/
У у
/u/
Ф ф
/f/
Х х
/x/
Ц ц
/ʦ/
Ч ч
/tʃ/
Ш ш
/ʃ/
Щ щ
/ʃt/
Ъ ъ
/ɤ̞/, /ə/
Ь ь
/◌ʲ/
Ю ю
/ju/
Я я
/ja/

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]