An Mhacadóinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Mhacadóinis
македонски јазик agus македонски‎
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais2,000,000
Dúchasach doan Mhacadóin Thuaidh, Bitola Municipality (en) Aistrigh, Veles Municipality (en) Aistrigh, Gevgelija Municipality (en) Aistrigh, Debar Municipality (en) Aistrigh, Dojran Municipality (en) Aistrigh, Kratovo Municipality (en) Aistrigh, Kumanovo Municipality (en) Aistrigh, Prilep Municipality (en) Aistrigh agus Strumica Municipality (en) Aistrigh
Stáitan Chosaiv, an Bhulgáir, an Mhacadóin Thuaidh agus an Albáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha deisceartacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaMacedonian alphabet (en) Aistrigh agus Aibítir Choireallach
Institiúid caighdeánaitheKrste Misirkov Institute for the Macedonian Language (en) Aistrigh
Staidéar agteangeolaíocht na Macadóinise
Cóid
ISO 639-1mk
ISO 639-2mkd
ISO 639-3mkd
Glottologmace1250
Linguasphere53-AAA-ha
Ethnologuemkd
ASCL3504
IETFmk

Is í an Mhacadóinis teanga oifigiúil na Macadóine (is é sin, iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine). Tá sí an-chosúil leis an mBulgáiris, nó tá an dá theanga seo tar éis córas na dtuiseal a chailleadh go hiomlán. San am chéanna, áfach, tá córas aimsirí na mbriathar i bhfad níos casta sa dá theanga seo ná sa chuid is mó de na teangacha Slavacha. Mar sin, is féidir a rá gur canúint de chuid na Bulgáirise í an Mhacadóinis.

Ón taobh eile de, tá a ceartlitriú féin ag an Macadóinis, agus cuid mhór den téarmaíocht agus den stór focal teibí níos cosúla leis an tSeirbis ná leis an mBulgáiris. Thairis sin, is gnách le lucht téarmaíochta agus pleanála teanga na Macadóine dul ar lorg téarmaí nua sna canúintí, nó iad a chumadh in aithris ar mhúnlaí focalfhréamhaithe na gnáthchainte. Tá an Bhulgáiris i bhfad níos mó ag brath ar an Rúisis agus ar an tSean-Slaivis Eaglasta le haghaidh múnlaí téarmaíochta.

Glactar leis gurbh é Krste Misirkov a chuir bun le traidisiún liteartha na Macadóinise leis an leabhar Za makedonckite raboti ("I dtaobh chúrsaí na Macadóine") sa bhliain 1903.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]