An Eastóinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Eastóinis
eesti keel

Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais1,251,770 (2012)
Dúchasach doEastónaigh agus an Eastóin
Stáitan Eastóin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Úralacha
teangacha Fionn-Úgracha
teangacha Fion-Pheirmeacha
Finno-Volgaic (en) Aistrigh
Finno-Samic (en) Aistrigh
Finnic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Estonian Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheInstitute of the Estonian Language (en) Aistrigh
Staidéar agEstonian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1et
ISO 639-2est
ISO 639-3est
Glottologesto1258
Ethnologueest
ASCL1601
IETFet

Is í an Eastóinis (eesti keel [ˈeːsti ˈkeːl]) teanga oifigiúil na hEastóine. Tá an teanga ag 1.1 milliún duine san Eastóin, agus ag roinnt phobal timpeall an domhain chomh maith. Is teanga Fhionn-Úgrach í, a bhfuil gaol gar aici leis an bhFionlainnis. Is é an rud is mó a tharraing súil na dteangeolaithe ar an Eastóinis ná go n-aithníonn an teanga fuaimeanna gearra, fada agus "sárfhada".

Cé gur teanga Fhinne-Úgrach í, agus gaol sách dlúth aici leis an bhFionlainnis, tá deacrachtaí tábhachtacha idir an dá theanga. Tá comhréiteach na ngutaí an-tábhachtach san Fhionlainnis agus sna teangacha Finne-Úgracha go léir (beagnach!), ach tá sé imithe as an Eastóinis go hiomlán, a fhad is atá an teanga chaighdeánach i gceist: cuir an focal Fionlainnise köhä agus an ceann Eastóinise köha ("casachtach" is brí don dá fhocal) i gcomparáid le chéile. Is í an riail san Fhionlainnis ná nach gceadaítear an guta cúil /a/ ar lorg an ghuta tosaigh /ö/ - ach is í an riail san Eastóinis ná nach gceadaítear gutaí tosaigh ach sa chéad siolla.

Tá stór focal na hEastóinise níos saibhre i bhfocail idirnáisiúnta ná an Fhionlainnis fosta, agus maidir leis na focail iasachta, tháinig an chuid ba mhó acu ón nGearmáinis. Mar sin, is iad na focail Ghearmáinise is minice a fhreagraíonn d'iasachtaí Sualainnise na Fionlainnise san Eastóinis. Sampla tipiciúil is é an focal köster (Küster ón nGearmáinis) san Eastóinis agus lukkari (klockare) san Fhionlainnis - "maor eaglaise" is ciall don dá fhocal.

Tá dhá phríomhchanúint ann: an Eastóinis Thuaidh agus an Eastóinis Theas. Tá an-difríochtaí eatarthu, agus is minic a deirtear gur dhá theanga iad. Tá a traidisiún liteartha féin ag an Eastóinis Theas, fiú - tá caighdeán liteartha na hEastóinise proper bunaithe ar chanúintí an Tuaiscirt don chuid is mó. I mblianta an tSóivéadachais bhí sé coiscthe ar fad Eastóinis Theas a chleachtadh mar theanga scríofa, ach d'athraigh an scéal nuair a bhain an Eastóin amach a neamhspleáchas arís. Mar sin féin, níl ach meas na canúna ag an gcuid is mó de na hEastónaigh uirthi.

Stádas na hEastóinise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar feadh i bhfad, ní raibh san Eastóinis ach caint na cosmhuintire, nuair a bhí tiarnaí coimhthíocha, ar nós na ridirí Teotanacha, na nDanmhargach, na Sualannach agus na Rúiseach ag mursantacht ar an tír agus ag brú anuas a gcuid teangacha ar na hEastónaigh. Le fírinne, fuair siad an t-ainm sin féin - Eastónaigh - ar iasacht ón nGearmáinis, nó is é an t-aon ainm a bhí acu orthu féin go traidisiúnta ná maarahvas ("muintir na tíre"), agus iad ag tabhairt maakeel ("teanga na tíre") ar an teanga. Ní dheachaigh sé chun leasa do stádas na teanga go raibh seirfeachas i bhfeidhm ar an tír.

I dtús na naoú haoise déag, chuir an mac léinn óg Kristjan Jaak Peterson an chéad bhun le litríocht na hEastóinise. Bhí sé ar an gcéad mhac léinn riamh in Ollscoil Tartu (nó Ollscoil Dorpat, san am sin) a d'admhaigh gur de mhuintir na tíre é. San am sin, ba í an Ghearmáinis teanga an teagaisc san Ollscoil, agus na huaisle a raibh Gearmáinis ó dhúchas acu ag cur a gclainne ag staidéar ansin. File a bhí i bPeterson freisin, agus chum sé dánta tírghrá a chuaigh i dtáin litríochta na hEastóine, cé gur cailleadh an file féin go hóg le heitinn - ní raibh sé ach bliain is fiche d'aois nuair a shíothlaigh sé sa bhliain 1822. Ceiliúrann na hEastónaigh Lá na Teanga Dúchais ar an 14 Márta, lá breithe Peterson.

Sa naoú haois déag, tháinig an-bhorradh ar an litríocht Eastóinise go háirithe faoi thionchar na hEagnaíochta, ach ó nach raibh san Eastóin féin ach cúige Rúiseach san am, ní raibh ardú stádais i ndán don teanga ach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhain an tír amach a saoirse ón Rúis.

Sa Dara Cogadh Domhanda shealbhaigh na trúpaí Sóivéadacha an Eastóin, agus chaill an tír a neamhspleáchas. Fuair an Rúisis stádas na teanga oifigiúla chomh maith leis an Eastóinis, agus nuair a thosaigh lucht inimirce ag tonnadh isteach ón Rúis agus ó phoblachtaí eile an Aontais Shóivéadaigh, níor mhothaigh siad gur chóir dóibh Eastóinis a fhoghlaim, ó ba í an Rúisis teanga an chaidrimh idirphobail san Aontas. Mar sin bhí lucht labhartha na hEastóinise faoi bhrú Rúisis a fhoghlaim agus a úsáid sa saol laethúil. Nuair a bhain an tír amach a neamhspleáchas in athuair, sa bhliain 1991, baineadh stádas na teanga oifigiúla den Rúisis, agus nuair a rinneadh ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh den Eastóin, fuair an Eastóinis stádas oifigiúil san AE chomh maith.

Canúintí na hEastóinise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aithnítear dhá mhórghrúpa canúintí, mar atá, an Eastóinis Thuaidh agus an Eastóinis Theas. Thairis sin tá canúint bheag ann atá sách difriúil leis an dá cheann sin, mar atá, canúint an Oirthuaiscirt.

Is iad fochanúintí an Tuaiscirt ná an chanúint láir nó keskmurre ar a bhfuil an teanga oifigiúil bunaithe; canúint an Iarthair a labhraítear, a bheag nó a mhór, timpeall ar Pärnu agus i gcontae an Iarthair (Lääne maakondLäänemaa), canúint na n-oileán úd Hiiumaa, Saaremaa, Muhu agus Kihnu, agus canúint an Oirthir a labhraítear ar chladach thoir thuaidh an locha úd Peipsijärv.

Maidir leis an Eastóinis Theas, is iad na fochanúintí ná Mulgi, Tartu, Võro agus Seto. Déanta na fírinne is minic a dhearctar ar na canúintí seo mar theanga eile seachas Eastóinis an Tuaiscirt, difriúil mar atá siad. Tá a caighdeán liteartha féin ag canúint Võro, fiú. Maidir le canúint Seto, labhraítear in aice le teorainn na Rúise í, agus is Ortadocsaigh iad lucht a labhartha - is é an Liútarachas creideamh traidisiúnta lucht labhartha Võro.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]