Sergiusz Piasecki
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1901 Liachavičy (Impireacht na Rúise) |
Bás | 12 Meán Fómhair 1964 63 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Carcanóma |
Áit adhlactha | Reilig Hastings |
Faisnéis phearsanta | |
Teanga dhúchais | an Rúisis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1934 – |
Ainm cleite | Jan Tomaszewicz |
Teangacha | An Pholainnis, an Rúisis agus an Bhealarúisis |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Armia Krajowa |
Coinbhleacht | An Cogadh Polannach-Shóivéadach |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Jadwiga Waszkiewicz (1942–1964), bás a c(h)éile |
Páiste | Władysław Tomaszewicz |
Scríbhneoir Polannach de phór na Bealarúise ab ea Sergiusz Piasecki (Bealarúisis: Сяргей Пясэцкі/Siarhiej Piasecki, a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa Bhealarúis) agus a fuair bás ar an 12 Meán Fómhair 1964 i Londain.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Piasecki ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorann, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach Rúisis agus canúint Bealarúisise nuair a bhí sé óg.
Bhí Piasecki ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na fichidí, ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil cócaoin agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an phríosúin é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim Polainnise agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thuill an chéad úrscéal foilsithe, Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh.
I rith bhlianta an chogaidh, bhí Piasecki ag cuidiú le Armia Krajowa ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na Naitsithe. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na Cumannaigh i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais. Bhí acmhainn mhaith grinn ann, greann dorcha
Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh Piasecki dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach - i rith an chogaidh, mar atá, Człowiek przemieniony w wilka ("An Duine i gConriocht") agus Dla honoru Organizacji ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraor, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |