Innealtóireacht shibhialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse innealtóireachta a bhaineann le dearadh is tógáil oibreacha poiblí: foirgnimh, droichid, tolláin, uiscebhealaí, canálacha, sráideanna is bóithre, córais séarachais, iarnróid, agus aerfoirt. Tagann innealtóireacht struchtúrtha, shláintíoch is hiodrálach san áireamh. Is gá eolas a bheith ag innealtóirí sibhialta ar ábhair is trealamh tógála, ithreacha is carraigeacha chun bunsraith chuí a thógáil, obair tógála a dhéanamh faoin talamh is faoin uisce, agus earraí déanta, cosúil le gluaisteáin, traenacha, eitleáin is eile. Tagann ríomhaireacht go mór sa scéal freisin i gcúrsaí deartha, tástála is déanta, agus an réaltacht fhíorúil chun mionsamhlacha foirgneamh is struchtúr eile a iniúchadh roimh a dtógáil. Chum an t-innealtóir Sasanach John Smeaton (1724-1794) an téarma ‘innealtóireacht shibhialta’ i 1750.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht shibhialta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.