Amman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amman na hIordáine.

Príomhchathair na hIordáine agus an chathair is mó sa tír chéanna is ea Amman (Araibis: عمان ʿAmmān), nó Ammann mar a litrítear é uaireanta. Tá an chathair suite in iarthuaisceart na tíre, agus tá daonra 4,000,000 ann.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1974 thángthas ar fhoracha lonnaíochta Neoilití ar a dtugtar 'Ain Ghazal ar an taobh thuaidh d'Amman. Téann cuid de na hiarsmaí siar go dtí an bhliain 7250 RC. Bhíodh cónaí ar timpeall is 3,000 duine ann. Ní ba dhéanaí chuir na hAmonaigh fúthu ní ba faide ó dheas agus faoin 13ú haois bhí an t-ainm Rabbath Ammon ("príomhchathair" nó "ceanncheathrú na ríthe") tugtha ar an áit. Le himeacht ama fágadh "Rabbath" ar lár agus AmmonAmman a tugadh air.