An tSlóivéinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Slóivéinis)
Infotaula de llenguaAn tSlóivéinis
Slovenščina agus Slovenski jezik

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais2,400,000
Dúchasach doCarinthia, Styria, Zala County (en) Aistrigh, Cúige Gorizia, Cúige Trieste, Cúige Udine agus an tSlóivéin
Stáitan tSlóivéin, an Ostair, an Iodáil, an Ungáir, an Chróit, an Ghearmáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Airgintín agus an Afraic Theas
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha deisceartacha
Western South Slavic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus aibítir Ghlagalach
Institiúid caighdeánaitheAcadamh Eolaíochtaí agus Ealaíon na Slóivéine
Staidéar agSlovene studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1sl
ISO 639-2slv
ISO 639-3slv
Glottologslov1268
Ethnologueslv
ASCL3506
IETFsl

Is teanga Shlavach í an tSlóivéinis sa tSlóivéin agus sna críocha ina timpeall. Tá sí ag dhá mhilliún duine, agus an chuid is mó acu tá cónaí orthu sa tSlóivéin féin. Is í teanga oifigiúil na Slóivéine í, agus í ar ceann de na teangacha oifigiúla san Aontas Eorpach freisin.

Tá an tSlóivéinis á scríobh ó laethanta an Reifirméisin anuas, ach níor tháinig an caighdeán nua-aimseartha ar an bhfód ach sa naoú haois déag. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil a lán canúintí éagsúla sa tír, agus is féidir a mhaíomh nach aon teanga amháin a bhí sa tSlóivéinis go stairiúil. Inniu féin, labhraítear canúintí atá an-difriúil leis an teanga chaighdeánaithe. In Prekmurje, in oirthear na Slóivéine, agus in Resia, áit san Iodáil ina bhfuil mionlach Slóivéanach, baintear úsáid as an gcanúint áitiúil mar theanga scríofa freisin.

Ba iad Primož Trubar, Jurij Dalmatin, agus Adam Bohorič na chéad scríbhneoirí a bhain úsáid as an teanga. Theastaigh uathu briathar Dé a chraobhscaoileadh i measc na cosmhuintire i dteanga na cosmhuintire, agus ba é sin an cineál litríochta a bhí á chumadh acu: caiticiosmaí, leabhair urnaíochta, aistriúcháin nó míniúcháin ar an mBíobla. San am chéanna, áfach, bhí iarrachtaí idir lámhaibh acu an teanga a chaighdeánú, focail a bhailiú agus liostaí focal a chur i dtoll le chéile. Ba é Adam Bohorič a chaighdeánaigh an chéad cheartlitriú don teanga, litriú a bhí an-difriúil le córas an lae inniu. Mar shampla, is mar Bohorizh a litreofaí ainm an fhir féin de réir an chórais seo.

Sa naoú haois déag, áfach, cuireadh an córas nua-aimseartha scríbhneoireachta in áit litriú Bohorič. Bhí an ceartlitriú nua múnlaithe ar an tSeirbea-Chróitis agus ar an tSeicis, lena chinntiú go mbeadh lucht labhartha na dteangacha seo in ann adhmad éigin a bhaint as an tSlóivéinis scríofa, agus nach dtiocfadh an litriú idir iad agus an teanga seo. San am sin, bhí an Pan-Slavachas go mór i mbéal an phobail sna tíortha ina raibh ceann de theangacha an ghrúpa seo á labhairt, agus theastaigh ó na Pan-Slavaigh aon teanga scríofa amháin a fhorbairt do na Slavaigh go léir. A fhad is nach mbeadh a leithéid ann, dhéanfaidís iarracht, ar a laghad, na teangacha liteartha Slavacha a dhéanamh chomh inléite ag cainteoirí a chéile agus ab fhéidir.

Bhí cuid de na Slóivéanaigh ag cur spéise san Iliriachas freisin, is é sin, aontú na Slóivéinise is na Seirbea-Chróitise. Sa naoú haois déag, thugtaí "Iliris" ar an tSeirbea-Chróitis, agus bhí cuid de na Slóivéanaigh den tuairim gur chóir aon teanga chaighdeánach amháin a bheith in úsáid ag na Slóivéanaigh agus ag na h-"Ilirigh" eile. Mar a d'iompaigh an scéal amach, mheath na hiarrachtaí orthu, nó bunaíodh caighdeán na Seirbea-Chróitise ar an gcanúint štokavski, a bhí á labhairt sa tSeirbia, sa Chróit agus sa Bhoisnia araon. B'fhearr leis na Slóivéanaigh na canúintí kajkavski agus čakavski, nach labhraítear ach sa Chróit, mar dhúshraith don teanga nua liteartha, ach níor tugadh aird orthu, agus mar sin, ghabh siad leor lena dteanga chaighdeánaithe féin. Ón taobh eile de, áfach, d'fhág an tIlireachas a aithne féin ar an teanga. An chéad úrscéalaí Slóivéanach, Josip Jurčič (1844-1881), mar shampla, bhain seisean úsáid as focail Sheirbea-Chróitise ina chuid scríbhneoireachta.


Cá labhraítear Slóivéinis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2011 ba í Slóivéinis an mháthairtheanga do 10,775 duine i gCeanada síos ó 13,135 duine i 2006.

An Eilvéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2000 ba í Slóivéinis an mháthairtheanga do 1,601 duine san Eilvéis.

An Iodáil(Friuli-Venezia Giulia)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé measta go bhfuil idir ar 70,000-85,000 cainteoirí dúchasach Slóivéinis i gcónaí i Friuli-Venezia Giulia.

An Ostair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé measta gurb é an tSlóivéinis an phríomhtheanga do timpeall ar 0.3% de dhaonra an Ostair. Tá cuid is mó do na cainteoirí Slóivéinis i gcónaí i Carinthia agus Styria.

S.A.M.[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an American Community Survey 2006-2010 ba é Slóivéinis an príomhtheanga do 9,348 duine i S.A.M.. Bhí 36.3%(3,395) dóibh i gcónaí i Ohio.

Slóvéin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Slóivéinis an teanga náisiúnta agus an teanga oifigiúil sa tSlóivéin. I 2002 ba í Slóivéinis an mháthairtheanga do 87.8% de dhaonra an tSlóivéin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]