Monacó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Principauté de Monaco
Prionsacht Mhonacó
Bratach Monacó Armas Monacó
Bratach Armas
Mana: "Deo Juvante" (Laidin)
"Le Aire Dé"
Amhrán náisiúnta: Hymne Monégasque
Suíomh Monacó
Príomhchathair Monaco-Ville
43°44′ Thuaidh 7°24′ Thoir
An chathair is mó Monte Carlo
Teangacha oifigiúla Fraincis
Rialtas Monarcacht bhunreachtúil
Albert II
Jean-Paul Proust
Prionsacht
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1.95 km² (231ú)
0.0%
Daonra
 • Meas. ó 2013
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
36,950 (210ú)
32,020
18,285/km² ()
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2007
$976 milliún (?)
$67,000 (-)
Airgeadra Euro () (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .mc
Glaochód +377

Tír bheag agus tearmann cánach in iarthar na hEorpa í Prionsacht Mhonacó, nó, go simplí, Monacó (Fraincis: Principauté de Monaco, Monacais: Principatu de Múnegu). Tá sí suite cois na Meánmhara, agus teorainn aici leis an bhFrainc. Tá an stát suite timpeall sé chiliméadar déag ó theorainn na Fraince leis an Iodáil. Tá dlús an daonra i Monacó níos airde ná in aon tír eile sa domhan.

Monarcacht bhunreachtúil í Monacó, agus í á rialú ag an rítheaghlach céanna, muintir Grimaldi, ón mbliain 1297 anuas, agus thug an Fhrainc aitheantas oifigiúil do neamhspleáchas na tíre sa Chonradh Fhranca-Mhonacach sa bhliain 1861. Cé gur tír neamhspleách í Monacó, tá sé socraithe ag an dá thír gurb í an Fhrainc a bheidh á cosaint, má bhagraíonn cogadh ar an bprionsacht.

Is é an prionsa atá ag rialú na tíre inniu ná Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), a tháinig i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005. Bhí Rainier pósta ar Grace Kelly, réaltóg scannán ó na Stáit Aontaithe, arbh í máthair Ailbhe agus na beirte deirfiúracha atá aige, na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie. Ba é Rainier a rinne tearmann cánach agus áit mhór turasóireachta de Mhonacó.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Fuair Monacó a hainm ó na Gréagaigh, a raibh coilíneacht acu sa cheantar timpeall i laethanta na seanársaíochta. Is é is brí leis an ainm - Monoikos - sa Ghréigis ná "aon teach amháin" nó "áitreabh scartha, áitreabh uaigneach, áitreabh aonaránach".

Athbhunaíodh Monacó sa bhliain 1228 mar choilíneacht de chuid Genoa. Ba é Francesco Grimaldi, "Proinsias Mailíseach", a chuir tús leis an rítheaghlach, nuair a shealbhaigh a chuid trúpaí an dún a bhí ag cosaint Charraig Mhonacó san am. Deirtear go raibh sé féin i mbréagriocht an mhanaigh Phroinsiasaigh, agus go bhfuair an áit a hainm ón gcleas cogaidh seo (Monaco = manach), ach is dócha nach bhfuil ann ach finscéal, ó bhí an t-ainm ar Mhonacó roimhe sin féin.

Sa bhliain 1793, d'fhorghabh trúpaí réabhlóideacha ón bhFrainc an phrionsacht. Fuair sí a saoirse ar ais sa bhliain 1814, ach go gairid ina dhiaidh sin, tháinig maithe is móruaisle na hEorpa le chéile i gComhdháil Vín, agus d'fhág siad Monacó faoi choimirce Ríocht na Sairdíne. Sa bhliain 1860, áfach, ghéill an tSairdín an phrionsacht don Fhrainc, ach ní raibh cuid de mhuintir Mhonacó sásta leis an nascghabháil sin. Bhris trioblóidí amach i Menton agus i Roquebrune, agus a muintir ag iarraidh an nasc leis an tSairdín a choinneáil i bhfeidhm. Sa deireadh, fágadh Menton agus Roquebrune ag an bhFrainc, ach fuair an chuid eile de Mhonacó neamhspleáchas, agus d'íoc stát na Fraince slám mór airgid le prionsa Mhonacó mar éiric sa dá chathair chaillte.

Bhí cumhacht absalóideach ag an bPrionsa sa tír, go dtí gur hachtaíodh an chéad Bhunreacht sa bhliain 1911.

Sa bhliain 1943, d'fhorghabh arm na hIodáile Monacó. Go gairid ina dhiaidh sin, chaill Mussolini a chumhacht san Iodáil, agus ansin, tháinig na Naitsithe i seilbh na prionsachta. Mar ba ghnách dóibh, thosaigh siad ag aistriú an phobail Ghiúdaigh go dtí na campaí báis. Fuair René Blum, an córagrafaí a bhunaigh Bailé Ceoldráma Mhonacó, bás san Uileloscadh, mar shampla. Ní raibh Louis II, a bhí ina phrionsa ar Mhonacó san am, sásta comhoibriú leis na Gearmánaigh, áfach. D'ordaigh sé dá chuid póilíní rabhadh a thabhairt do na teaghlaigh Ghiúdacha sula dtiocfadh na Gearmánaigh ag breith orthu.

Cailleadh Louis sa bhliain 1949, agus tháinig a gharmhac, Rainier, i gcomharbas air. Seacht mbliana ina dhiaidh, phós Rainier Grace Kelly, agus bhí ainm na prionsachta bige i mbéal an tsaoil mhóir. Bhí Rainier an-ghnóthach ag cur cuma na nua-aimsearthachta ar a thír. Sa bhliain 1962, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm. Chuir sé deireadh leis an bpionós báis agus bhronn sé cearta sibhialta iomlána ar na mná - cead vótála, thar aon rude eile.

MonacoLibreDeDroits.jpg

Rialtas Mhonacó[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá Monacó ina monarcacht bhunreachtúil ón mbliain 1911 anuas. Is é an Prionsa ceann an stáit, agus is é a cheapann Príomh-Aire, nó Aire Stáit, mar a thugtar air. Go dtí an bhliain 2002, chaithfeadh an Príomh-Aire a bheith ina shaoránach Fhrancach, agus rialtas na Fraince ag moladh iarrthóirí don Phrionsa a mbainfeadh sé a rogha astu. Inniu, áfach, is féidir leis an bPríomh-Aire a bheith ina shaoránach Mhonacach freisin. Tá an Príomh-Aire i gceannas ar Chomhairle Rialtais, a bhfuil ceathrar comhaltaí uirthi. Tá parlaimint ag an bprionsacht freisin, agus muintir Mhonacó ag vótáil i dtoghcháin na parlaiminte uair in aghaidh na gceithre mblian. Tá ceathrar feisirí fichead ar an bparlaimint. Maidir le cúrsaí gnáthriaracháin na cathrach, tá comhairle cathrach ag freastal orthu, agus méara na cathrach i gceannas uirthi.

Go traidisiúnta, bhí trí bhardas (municipauté) i Monacó, is é sin, cathair Mhonacó, Monte Carlo, agus La Condamine. Inniu, tá deich mbarda (quartier) ann, mar atá, cathair Mhonacó (Monaco-Ville), Monte Carlo-Spélugues, La Rousse-Saint Roman, Larvotto-Bas Moulins, Saint Michel, La Condamine, La Colle, Les Révoires, Moneghetti, agus Fontvieille. Talamh nua atá i gceist le Fontvieille, is é sin, scraith de ghrinneall na mara a triomaíodh. Tá barda nua le cur ar bun i dtailte den chineál sin fós, mar atá, Le Portier.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]