Lena Meyer-Landrut
Cuma
Is amhránaí popcheoil ón Ghearmáin í Lena Meyer-Landrut (AIF: [ˈleːna ˌmaɪɐˈlant.ʁuːtʰ]), a rugadh ar an 23 Bealtaine 1991 in Hannover sa tSacsain Íochtarach.
Fuair Lena a hAbitur sa Ghearmáin (cosúil leis an Ardteistiméireacht) i mí an Mheithimh 2010 nuair a chríochnaigh a meánscolaíocht in IGS Roderbruch Hannover.
Bhuaigh Lena Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2010 leis an amhrán "Satellite" in Osló ar an 29 Bealtaine. Chuaigh an chéad singil aici go dtí uimhir 1 sa Ghearmáin agus san Eilvéis agus go dtí uimhir 2 san Ostair agus in Éirinn.
I gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2011 i nDüsseldorf, chan sí an t-amhrán "Taken by a Stranger" agus tháinig sí sa 10ú áit.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- My Cassette Player (2010)
- Good News (2011)
- Stardust (2012)
- Crystal Sky (2015)
- Gemini (2017)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- lena-meyer-landrut.de láithreán gréasáin oifigiúil (as Gearmáinis)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |