Lugano
Is í Lugano (Iodáilis: Lugano, Rómainis: Lugano, Gearmáinis: Lugano, Fraincis: Lugano) an naoú cathair is mó san Eilvéis.
Tá an chathair suite cois Loch Lugano (Lago di Lugano) i gcantún Ticino in aice le teorann na hIodáile i ndeisceart na hEilvéise. Bhí breis is 55,000 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2011. Is í Lugano an chathair is mó sa chantún Ticino agus is í an tríú háit is tábhachtaí san Eilvéis i gcúrsaí airgid, i ndiaidh chathrach Zürich agus Na Ginéive.
Trí shliabh mhóra atá le feiceáil ó lár na cathrach: Monte Brè (925m) in oirthear na cathrach, sliabh Sighignola (1,314m) san oir-dheisceart, agus Monte San Salvatore (912m) sa deisceart.
Ba í Lugano an áit a bhí an chéad Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse ar siúl sa bhliain 1956.
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í Lugano an cathair is mó taobh amu don Iodáil le tromlach Iodáilis.
Ba í Iodáilis an teanga is comónta(i 2000) agus í an céad theanga do 80.3%(do daonra Lugano), Gearmáinis an dara teanga is comónta agus í an céad theanga do 7.1%, Seirbea-Chróitis an tríú teanga is comónta agus í an céad theanga do 2.7%.
As na teangacha oifigiúla (san Eilvéis) sa bhlain 2004, bhí Iodáilis an céad theanga (20,998), Gearmáinis (1,855), Fraincís (597) agus Rómainis (39). Bhí teanga eile mar chéad theanga ag 3,071.
Daoine aitheanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Carla Del Ponte (* 1947), dlítheoir Eilvéiseach.
- Hermann Hesse (1877-1962), scríbhneoir agus file Gearmánach-Eilvéiseach. Bhí Hesse ina chónaí san áit an chuid is mó dá shaol agus fuair sé bás i Montagniola, baile beag in aice le Lugano, sa bhliain 1962.
Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- lugano.ch (Iodáilis)
- Wikivoyage - Lugano (Béarla)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Lugano. |