An Rómainis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rómainis)
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de llenguaAn Rómainis
rumantsch agus Rumantsch
Romansh language composite.png
Cineál teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 40,039 (2012)
Á labhairt Graubünden
Dúchasach do Graubünden
Stáit An Eilvéis
Aicmiú teangeolaíoch
na teangacha Ind-Eorpacha
Teangacha Iodáilice
Teangacha Rómánsacha
Italo-Western (en) Aistrigh
Western Romance (en) Aistrigh
Gallo-Iberian (en) Aistrigh
Gallo-Romance (en) Aistrigh
Gallo-Rhaetian (en) Aistrigh
Raeta-Rómáinsic
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir Laidineach
Staidéar ag Societad Retorumantscha (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta 3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-1 rm
ISO 639-2 roh
ISO 639-3 roh
Glottolog roma1326
Linguasphere 51-AAA-k
Ethnologue roh
UNESCO 406
IETF rm
Endangered languages 3262

Teanga Rómánsach, nó b'fhéidir dlúthghrúpa de theangacha comh-ghaolmhara, í an Rómainis (Rómainis: Rumantsch) agus í ina teanga oifigiúil san Eilvéis.[1]

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Rómainis ó dhúchas ag níos mó ná 35,000 duine de réir na bhfigiúirí ón mbliain 2000. An chuid is mó de na cainteoirí dúchais tá cónaí orthu in Grischun (Gearmáinis: Graubünden, Iodáilis: Grigioni, Fraincis: Grisons), ceann de chantúin na hEilvéise. Iad siúd a labhraíonn Rómainis, bíonn siad dátheangach nó fiú trítheangach, agus an Iodáilis nó an Ghearmáinis ar aon leibhéal leis an teanga dhúchais acu chomh maith.

An Rómainis i gcantún Graubünden/Grischun/Grigioni sa bhliain 2000.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Rómainis gaolmhar leis an Laidinis, teanga Rómánsach a labhraítear i réigiún na Tioróile Theas san Iodáil. Mionteanga eile den ghrúpa chéanna í an Fhriúilis (an Fhurláinis), an teanga a bhí ó dhúchas ag Pier Paolo Pasolini agus í á saothrú aige ina chuid luathfhilíochta.

An Rómainis ar bhalla bhán i Sagogn /Surselva, Grischun.

Caighdeánú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Rómainis mar a chleachtaítear san Eilvéis í roinnte ina canúintí éagsúla, agus bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad cén cineál Rómainise ba chóir a úsáid mar theanga chomhoifigiúil don Eilvéis ar fad.

Sna hochtóidí tháinig an comhchaighdeán Rómainise, Rumantsch Grischun, ar an bhfód, ach tá cuid mhaith de na cainteoirí dúchais míshásta leis an gcaighdeán seo i gcónaí.

Mar sin, cloíonn siad go stobarnáilte leis na leaganacha canúnacha den teanga scríofa, go háirithe nuair a bhíonn cúrsaí áitiúla nó cantúin á bplé acu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Torlach Mac Con Midhe (2009-05-15). "Muintir Sléibhe agus a teanga" (ga-IE). Litríocht. tá teanga mionlaigh á labhairt leis na cianta: an Rómainis. Níl mórán eolais ar an teanga ná ar an bpobal a labhraíonn í, ach tá gach eolas orthu le fáíl sa leabhar seo.. Dáta rochtana: 2020-07-26.