Carla Del Ponte
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Feabhra 1947 77 bliana d'aois Lugano, An Eilvéis ![]() |
Ambassador of Switzerland to Argentina (en) ![]() | |
1 Eanáir 2008 – Feabhra 2011 | |
Ionchúisitheoir | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bern Ollscoil na Ginéive ![]() |
Céim acadúil | Master of Laws (en) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saineolaí dlí, polaiteoir, breitheamh, dlíodóir, ambasadóir ![]() |
Fostóir | na Náisiúin Aontaithe ![]() |
Teangacha | An Iodáilis |
Gradam a fuarthas
|
Dlí-eolaií agus ionchúisitheoir poiblí ab ea Carla Del Ponte (a rugadh ar 8 Feabhra 1947), ar scor inniu. Bhí sí ina príomh-ionchúisitheoir ar an Eilvéis (1994-99), ina Príomh-Ionchúisitheoir ar na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (1999-2008) agus do Ruanda (1999-2003) agus ina ball den Choimisiún Fiosrúcháin Idirnáisiúnta Neamhspleách ar an Siria (2012-17).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Del Ponte staidéar ar dhlí idirnáisiúnta i Universität Bern agus Université de Genève, áit ar fhorbair sí spéis sa dlí choiriúil agus sa choireolaíocht. Rinne sí staidéar chomh maith sa Ríocht Aontaithe agus bronnadh LLM uirthi i 1972.
Sa bhliain 1972 i Lugano a chuaigh Del Ponte leis an dlí. Bhunaigh sí a gnólacht féin trí bliana ina dhiaidh sin.
Sa bhliain 1981 a rinneadh giúistís imscrúdaithe di. Rinneadh ionchúisitheoir poiblí di trí bliana dár gcionn.
Dhírigh Del Ponte ar choireanna eacnamaíocha, gáinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí agus coireacht eagraithe a ionchúiseamh. Mar sin, chomhoibrigh sí le go dlúth le breithiúna de chuid na hIodáile, amhail Giovanni Falcone, a dúnmharaíodh ag an Mafia i sa bhliain 1992, seans a thóg sí féin san am sin.[1]
Sa bhliain 1994, ceapadh Del Ponte mar phríomh-ionchúisitheoir feidearálach ar an Eilvéis. Bhí sí sa phost sin ar feadh cúig bliana.
In 1999, rinneadh Príomh-Ionchúisitheoir an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (1999-2008) agus an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda (1999-2003) di.
Ina dhiaidh sin, bhí Del Ponte ina hambasadóir den Eilvéis chun na hAirgintíne go dtí go scoir sí sa bhliain 2011.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/1a/Plaque_of_International_Criminal_Tribunal_for_Rwanda-ICTR_-_Kimironko_District_-_Kigali_-_Rwanda.jpg/220px-Plaque_of_International_Criminal_Tribunal_for_Rwanda-ICTR_-_Kimironko_District_-_Kigali_-_Rwanda.jpg)
Bhí Del Ponte ina ball den Choimisiún Fiosrúcháin Idirnáisiúnta Neamhspleách maidir le Poblacht Arabach na Siria, arna bhunú ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ó 2012 go 2017. D'éirigh sí as an gCoimisiún i mí Lúnasa 2017, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na saoirse ó phionós, dar léi, a tugadh do dhaoine a d'fhéadfaí go raibh coireanna cogaidh déanta acu i rith Cogadh Sibhialta na Siria.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2017). "Carla Del Ponte" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-09.