Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticDlúthdhiosca cuimhne inléite amháin

Cuir in eagar ar Wikidata

Meán stórála ríomhaire, bunaithe ar an dlúthdhiosca caighdeánach 25 mm, le ceadúnas ó chomhlachtaí Sony is Philips, a úsáidtear de ghnáth chun closchomharthaí a stóráil (tugtar CD-ROM air freisin). Is féidir le diosca amháin níos mó ná 600 meigibheart sonraí ríomhaire a stóráil, cuid mhaith níos mó ná diosca crua maighnéadach den mhéid céanna. Is dioscaí léimh amháin an chuid is mó de na dlúthdhioscaí seo. Cuirtear na sonraí orthu le linn a ndéanta agus, ní hionann is an diosca crua, ní féidir iad a athrú. Is é an phríomhfheidhm a bhaintear astu ná toirteanna móra eolais a chur ar fáil, cosúil le ciclipéidí is bunachair. Le scríbhneoir CDanna, feiste cosúil le dioscathiomáint, is féidir scríobh ar CD-ROM inscríofa (féach CD-RCD-RW) agus é a úsáid cosúil le diosca flapach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.