Billy Joel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBilly Joel

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) William Martin Joel
9 Bealtaine 1949
74 bliana d'aois
Nua-Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Syracuse
Ardscoil Hicksville Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1.66 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, cumadóir, pianódóir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1964 –
Ball de
SeánraPopcheol rac, rac is roll, rac bog agus ceol clasaiceach comhaimseartha
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisCairdín, pianó, giotár, orgán, ceol gutha, sintéiseoir, cairdín pianó agus uirlis mhéarchláir
Lipéad ceoilColumbia Records
Sony Music
Philips Records
Sony Classical Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileChristie Brinkley (1985–1994)
Katie Lee (2004–2010)
Alexis Roderick (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlexa Ray Joel
 ( Christie Brinkley)
Della Rose Joel
 ( Alexis Roderick) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHoward Joel
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbillyjoel.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0005055 TV.com: people/billy-joel IBDB: 95936
Facebook: billyjoel Twitter: billyjoel Instagram: billyjoel Youtube: UCyVomykHKyWCWo8lSKHHmzA Souncloud: billyjoel Spotify: 6zFYqv1mOsgBRQbae3JJ9e iTunes: 485953 Last fm: Billy+Joel Musicbrainz: 64b94289-9474-4d43-8c93-918ccc1920d1 Songkick: 296988 Discogs: 137418 Allmusic: mn0000085915 Deezer: 423 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí, pianódóir, scríbhneoir, cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach é William Joseph Martin "Billy" Joel (9 Bealtaine 1949 a rugadh é). D’eisigh sé a chéad amhrán mór-ráchairte, Piano Man, sa bhliain 1973. Is é an séú ceoltóir is mó díol sna Stáit Aontaithe é, dar leis an RIAA. Bhí amhráin rathúla ag Joel san 1970idí, 1980idí agus na 1990idí. Tá sé Ghradam Grammy buaite aige agus díoladh breis is 150 milliún dá chuid go dtí seo. D’éirigh sé as rac-cheol a thaifeadadh sa bhliain 1993 ach lean sé air ag dul ar camchuairt. Bhí an cheolchoirm dheireanach dá chuid in Éirinn i bPáirc an Chrócaigh ar 29 Iúil 2006.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é sa Bronx i Nua-Eabhrac agus tógadh é i Hicksville, Nua-Eabhrac. Is duine de bhunadh Giúdach é agus tháinig a athair go Meiriceá ar dtús agus é ag teitheadh ó na Naitsithe sa Ghearmáin. Bhí suim mhór ag Billy sa cheol agus é óg, go háirithe sa cheol clasaiceach Eorpach. Thosaigh sé ar sheinm an phianó a fhoghlaim agus é an-óg. Rinneadh tromaíocht air go minic agus é ar scoil mar gheall ar an tsuim a bhí aige sa cheol, agus gan suim dá laghad aige sa spórt. Bhí sé ina dhornálaí ar feadh tamaill, scil a d’fhoghlaim sé chun é féin a chosaint. Ach d’éirigh sé as an spórt tar éis gur briseadh a shrón i dtroid amháin. D’fhág sé an mheánscoil gan cháilíocht agus chrom sé ar ghairm cheoil a bhaint amach dó féin.

Gairm Cheoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chinn Billy ar bheith ina cheoltóir tar éis dó The Beatles a fheiceáil ar The Ed Sullivan Show sa bhliain 1964. Ba iad ‘The Echoes’ an chéad bhanna a mbíodh sé ag seinm leo. D’athraigh an banna a n-ainm dhá uair go dtí The Emeralds and ansin go dtí The Lost Souls. D’fhág sé an banna sin ansin le dul ag seinm leis an mbanna, The Hassles, arbh as Long Island iad. D’eisigh an banna sin dhá albam; The Hassles (1967) agus Hour of the Wolf (1968) chomh maith le ceithre shingil ó na halbaim sin. Theip go tubaisteach ar an hiarrachtaí ó thaobh díolachán de agus tháinig deireadh leis an mbanna sa bhliain 1969. Tar éis dó seo tarlú, chruthaigh Joel dísreach le drumadóir The Hassles, John Small, darbh ainm Attila. D’eisigh siad an t-aon albam amháin sa bhliain 1970 agus scoir ansin.

Is gnách go mbíonn úinéireacht an taifeadta luaite leis an gcomhlacht ceirníní. Ach tá Billy Joel ar na ceoltóirí a bhfuil an n-ainm féin mar úinéir cóipchirt ar na ceirníní uaidh féin.

Tionchar ar a chuid ceoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh go leor cineálacha ceoil i bhfeidhm ar Billy Joel agus é i mbun cumadóireachta. Ar dtús ba é an ceol clasaiceach a d’imir tionchar air. Ach ba iad na ceoltóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ná Ray Charles agus The Beatles, go háirithe Paul McCartney.[1] Is é ‘Ray’ an dara ainm ag iníon Joel, Alexa Ray Joel, in onóir Ray Charles.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Joel ag seinm sa bhliain 2007 i Florida.

Phós Billy Joel trí huaire i ndiaidh a chéile. Bhí sé pósta lena bhainisteoir gnó, Elizabeth Webber (Elizabeth Small) ó 1973 go 1982, le Christie Brinkley ó 1985 go 1994 agus rugadh iníon amháin dóibh, mar atá, Alexa Ray Joel. Phós sé a bhean chéile reatha, Kate Lee, ar 2 Deireadh Fómhair 2004.[2]

Tá fadhbanna alcóil ag Joel le fada an lá agus tá tréimhsí caite aige in ionaid athinmheacháin tríd na blianta.[3]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cold Spring Harbor (1971)
  • Piano Man (1973)
  • Streetlife Serenade (1974)
  • Turnstiles (1976)
  • The Stranger (1977)
  • 52nd Street (1978)
  • Glass Houses (1980)
  • The Nylon Curtain (1982)
  • An Innocent Man (1983)
  • The Bridge (1986)
  • Stormfront (1989)
  • River of Dreams (1993)

Albaim bheo[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Songs in the Attic (1981)
  • КОНЦЕРТ (1987)
  • 2000 Years: The Millennium Concert (2000)
  • 12 Gardens Live (2006)

Albaim dhíolama[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Greatest Hits, Vols. 1 & 2 (1985)
  • Billy Joel – The Ultimate Collection
  • The Essential Billy Joel (2001)
  • Greatest Hits, Vol. 3 (1997)
  • The Complete Hits Collection: 1973–1997 (1997)
  • Piano Man: The Very Best of Billy Joel (2004)
  • My Lives (2005)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]