Buddy Holly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBuddy Holly

(1957) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Hardin Holley
7 Meán Fómhair 1936
Lubbock, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Feabhra 1959
22 bliana d'aois
Clear Lake, Iowa Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTimpiste eitlíochta
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteBuddy Holly Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnBaisteachas
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Lubbock Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, cumadóir, cumadóir amhrán, amhránaí, léiritheoir ceirníní Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1952 –
SeánraRac-cheol, rockabilly, ceol buille agus ceol tuaithe
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisGiotár, veidhlín agus ceol gutha
Lipéad ceoilDecca Records
Brunswick Records
Coral Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMaría Elena Holly (1958–1959) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
3 Feabhra 1959The Day the Music Died Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbuddyholly.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0391398 Rottentomatoes: celebrity/buddy_holly TV.com: people/buddy-holly IBDB: 69363
Facebook: officialbuddyholly Spotify: 3wYyutjgII8LJVVOLrGI0D Last fm: Buddy+Holly Musicbrainz: d352f5dd-3023-4565-a7bb-52396bf8821d Songkick: 421966 Discogs: 272426 Allmusic: mn0000538677 Find a Grave: 492 Deezer: 1437 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain Buddy Holly clú agus cáil amach sna 1950idí mar amhránaí, ceoltóir agus ceannródaí rac-cheoil. Duine de laochra ceannródaíocha an cheoil rac is roll ba ea é.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Charles Hardin Holley ar an 7 Meán Fómhair, 1936. Buddy a thugtaí mar leasainm air, agus d'athraigh sé litriú a shloinne go Holly nuair a rinneadh botún ina chonradh ceoil.

Spreag ceolchoirm de chuid Elvis Presley Holly chun a bhanna féin The Crickets a chuir le chéile. Bhí Holly ag cumadh a amhrán féin, agus bhí sé ar dhuine de na céad ceoltóirí chun an giotár-leictreach a sheinm.

Bhain Holly úsáid as The Crickets mar bhanna taca suas go dtí an bhliain 1959, nuair a scoilteadh iad. Cé gur shocraigh siad an banna a chur ar ais le chéile, cailleadh Holly cúpla mí níos déanaí.

Bás agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh Holly ina fhear óg scór is dhá bhliain d'aois ar an 3 Feabhra, 1959. Thuairteáil an t-eitleán, ina raibh sé ag taisteal, i gClear Lake, Iowa. Bhí sé ar a mbealach go Fargo, Dakota Thuaidh. Bhí Holly i lár an ‘Winter Dance Party Tour’ agus ghlac Holly an t-eitleán amach ar cíos mar gheall ar fhadhbanna teasa lena mbus turais.

Bhásaigh Richie Valens, J.P. Richardson ("The Big Bopper") agus an píolóta Roger Peterson sa tuairt chéanna. Thuairteáil siad go gairid tar éis éirí de thalamh i ngort.

Ní raibh Holly ach 22 bliain d’aois agus ní raibh ach 17 bliain slánaithe ag Valens, a bhain clú mór amach leis an chnag aitheanta ‘La Bamba’. Ach bhí na básanna brónacha seo mar inspioráid ag go leor ceoltóirí a bhí le teacht ina ndiaidh.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Don McLean, 1976

Bhain an taisme stangadh ollmhór as an saol rac is roll ag an am: “An lá a fuair an ceol bás” a dúirt Nós[1]. Cé nach luann ‘American Pie’ ainmneacha na gceoltóirí, tá sé ráite ag Don McLean go ndeachaigh ceol Holly, agus an taisme, go mór i bhfeidhm air agus dá réir sin gur scríobh sé amhrán faoin “day the music died” (albam "American Pie").

Mar thoradh ar na hamhráin cháiliúla a bhí seolta ag Holly- mar shampla That'll Be the Day, Everyday, Peggy Sue, Not Fade Away, It Doesn't Matter Anymore agus True Love Ways - bhí tionchar mór ag Holly ar domhan an rac-cheoil. Mar shampla, déarfadh daoine ar nós The Beatles agus Bob Dylan gur inspioráid díreach é Holly ar a gcuid ceoil (níl botún é an chosúlacht idir The Beatles agus The Crickets).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]