Central Park

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc ó thuaidh ar Central Park ó Rockefeller Center
Suíomh Central Park in Manhattan

Páirc uirbeach i lár Manhattan, i gCathair Nua-Eabhrac, is ea Central Park. Is í an pháirc is mó ráchairte air sna Stát Aontaithe: thug 40 milliún duine cuairt uirthi sa bhliain 2013, mar shampla. Tá sí ar cheann de na háiteanna is minice in úsáid mar chúlra i scannáin ar domhan.

Cruthaíodh Central Park sa bhliain 1857 ar 778 acra (315 ha) de thalamh leis an gcathair. Sa bhliain 1858 bhuaigh Frederick Law Olmsted, ailtire tírdhreacha, agus Calvert Vaux, ailtire, comórtas i gcomhair dearadh chun an pháirc a fheabhsú agus a mhéadú. Plean Greensward an t-ainm a chuir siad ar a bplean. Cuireadh tús leis an bplean a chur i bhfeidhm sa bhliain chéanna agus bhí an chéad chuid den pháirc réidh don phobal i ngeimhreadh na bliana 1858. Leanadh ag tógáil na páirce ní ba faide ó dheas le linn an Chogaidh Chathartha sna 1860idí agus bhí 843 acra (341 ha) sa pháirc faoin mbliain 1873.

Tugadh stádas mar Shéadchomhartha Stairiúil Náisiúnta dó sa bhliain 1962.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]