Meitheal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is grúpa daoine a thagann le chéile chun obair a dhéanamh é meitheal. Go minic cuirtear an grúpa le chéile trí líonraí chlainne agus comharsaí chun rud áirithe a dhéanamh (mar shampla, teach a thógáil, nó an fómhar a chur isteach). Scaipeann an grúpa nuair atá an obair sin déanta. Tá nósanna den chineál céanna i dtíortha eile; mar shampla naffir sa tSúdáin, agus konbit i Háítí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]