Kilburn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKilburn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°32′12″N 0°12′14″W / 51.5366°N 0.2039°W / 51.5366; -0.2039
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheSasana
Réigiún ShasanaLondain
Contae searmanais ShasanaLondain Mhór
Buirg LondanBuirg Londan Brent Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán16,989 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús18,073.4 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla94 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistNW6 Cuir in eagar ar Wikidata

Is baile é Kilburn atá suite sa bhuirg Camden, Londain Láir. Tá Kilburn roinnte idir na buirgí Brent, Camden agus Westminster. Déanann an bóthar aithnidiúil, Kilburn High Road, teorainn idir na buirgí Camden agus Brent. Is bóthar an-ársa é seo, as an tréimhse Rómhánach agus is cuid é den bhóthar Rómhánach Watling Street, mar a bhí aithne air. Bunaíodh Kilburn ar bhruach an Kilburn Brook. Inniu, is ceantar beo, bríomhar ilchultúrtha é. Tá an daonra is airde de Éireannaigh ag Kilburn i gcomparáid le ceantair Londain eile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Kilburn High Road mar conair ársa, cuid den bhealach Ceilteach idir na lonnaíocht atá aitheanta inniu mar Canterbury agus St Albans. Faoi riail na Róimhe, bhí an bealach phábháilte. I rith ré na h-Angla-Shacsanach, tugadh an ainm 'Sráid Watling' ar an mbealach.

D'fhás Kilburn ar bhruach sruth a raibh aithne air mar Cuneburna, Kelebourne agus Cyebourne, a ritheann as Hampstead, thíos trí Hyde Park agus isteach in Abhainn na Tamaise. Thug sé le tuiscint is brí an ainm ceachtar Abhainn RíogaAbhainn Eallach ('Bourne' á focal Angla-Shacsanach den 'abhainn'). Tá aithne ar an abhainn inniu mar Abhainn Westbourne. As na 1850ú, bhí sé píobaithe faoi thalamh agus is é cinn na líon mór aibhneacha faoi thalamh na Londain inniu.

Tá Kilburn luaite i 1134 mar Cuneburna, a thagair do prióireacht a bhí tógtha ar an suíomh cillín díthreabhach, a bhí aithne ar mar Godwyn. Tógtha Godwyn a díthreabhacht in aice leis an abhainn Kilburn i rith an réimeas Anraí I agus thóg a díthreabhacht agus an prióireacht a ainm as an abhainn. Ba é Kilburn Prióireacht pobal beag na mna rialta, canónaigh Agaistíneach is dócha. Bhí se bunaithe i 1134 ar an abhainn Kilburn ag trasnú Sráid Watling (acomhal nua-aimseartha an Kilburn High Road agus Belsize Road). De thoradh an suíomh Kilburn Prióireacht ar Sráid Watling, d'éirigh sé láthair scíthe ar a bhfuil an-mheas aige den oilithrigh ag dul go dtí scrínte na ag St Albans agus Willesden. Bhí an Prióireacht díscaoilte in 1536-7 le Anraí VIII agus níl iarsmaí fágtha ar chor ar bith inniu.

Bhí sna tailte prióireacht teach mór agus teach aíochta, a d'fhéadadh a bhíodh an bunús den teach tábhairne an Red Lion (The Westbury an ainm atá air anois), a cheaptar a bheith bunaithe i 1444. Os a chomhair, osclaítear an Bell Inn faoi 1600, ar an suíomh den sean teach mór.

Plaic Toibreacha Kilburn Spa

Tháinig an faisean den 'uisci míochaineach' a thógáil san 18ú haois go Kilburn nuair tobar na uiscí iarnach (uisce tuilte le iarann) a bhí aimsithe i ngar den Bell Inn i 1714. Ina iarracht a dhéanamh le dul san iomaíocht leis an Tobar Hampstead in aice láimhe, oscailte gairdíní agus 'seomra mór' a chur chun cinn an tobar. Chuir a uiscí chun cinn in irisleabhair comhaimseartha mar leigheas 'breoiteacht goile'.

Meath na toibreacha sa 19ú haois, ach d'fhan na Toibreacha Kilburn móréilimh mar garraí tae. Scartáil The Bell agus ath-thógtha i 1863, an foirgneamh ata ina seasamh ann inniu.

Bhí Kilburn stráice na Sráid Watling, anois atá aithne air mar Edgeware Road agus Kilburn High Road, tógtha suas go mall leis óstaí agus tithe feirme. Áfach, d'ainneoin fionnachtain tobar míochaineach i 1714, agus cruthú na gairdíní agus seomra breá, ní tharraing tógáil suntasach go dtí faoi 1819 sa cheantar i ngar St John's Wood.

Idir 1839 agus 1856 bhí ina chónaí an chéad-tiarna na haimiréalachta William Henry Smith i dteach ar an iarthar den Kilburn High Road. Forbraíodh an formhór den cheantar sa deichniúir deireanach an 19u aois le Solomon Barnett, a chuir an ainmneacha ar na sráideanna tar éis an West Country (m.sh Torbay) nó filí comhaimseartha (m.sh Tennyson) ar a bhfuil an-mheas orthu in oineach a bhean-chéile.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceantar Kilburn ceangailte go láidir leis an bpobal Éireannach atá ina gcónaí ann; rugadh 13% den daonra in Éirinn agus tá céatadán níos airde den sliocht Éireannach ag Kilburn ná mar atá ag aon cheantar eile i Londain. Tá tionchar na nÉireannach le braith i gKilburn le himeachtaí an phobail Éireannaigh, tithe tábhairne Éireannacha, clubanna spóirt CLG áitiúla, siopaí a dhíolann nuachtáin Éireannacha agus ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig. Is ar an gceangail seo atá scannán Gaeilge na bliana 2007, Kings, bunaithe. Is ar an dráma The Kings of the Kilburn High Road, a scríobh Jimmy Murphy, atá sé bunaithe.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceantar faoi Kilburn stáisiún
An 1915 Kilburn Park Tiúb stáisiún