Kings (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Kings (Scannán))
Bosca Sonraí ScannáinKings
Buneolas
StiúrthóirTommy Collins Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
Dearthóir léiriúcháinDavid Craig Cuir in eagar ar Wikidata
CeolPól Ó Braonáin Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirNetflix Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2007 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama88 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Bunaithe arThe Kings of the Kilburn High Road (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrascannán drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin oifigiúilhighpointfilms.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0889136 Allocine: 130734 Letterboxd: kings Allmovie: v410431 TCM: 659300 Cuir in eagar ar Wikidata

Scannán Éireannach agus dátheangach ón mbliain 2007 is ea Kings, faoi stiúir Tom Collins. Tá an scannán bunaithe ar an dráma le Jimmy Murphy, The Kings of the Kilburn High Road. Déantar cur síos ar scéal scata cairde as Conamara a bhuaileann le chéile arís ag sochraid duine dá ngrúpa, 30 bliain tar éis dóibh dul ar imirce go Sasana.

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhann scata fear óg ar imirce ó Chonamara go Sasana i lár na 1970idí, agus iad go huaillmhianach ar thóir beatha níos fearr. Bhí siad lena saibhreas a dhéanamh agus le filleadh ar an mbaile arís.

Buaileann siad le chéile arís, tríocha bliain níos déanaí ag sochraid an charad ab óige acu, Jackie. Is i gcónra a fhilleann Jackie agus bailíonn a chairde ag an tórramh.

Tá athrú mór ar an saol agus orthu féin ón gcéad lá a ndeachaigh siad ar a mbád bán[1]. "D’fhéadfadh muid a bheith mar kings” is iad na focail deireanach.

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaíodh é mar iarrthóir na hÉireann le haghaidh chatagóir an scannáin is fearr i dteanga eachtrannach, i nGradaim an Acadaimh, 2008, cé nár éirigh leis a chraobh a thabhairt leis ar deireadh.[2] Ach d'éirigh leis cúig ghradam IFTA a bhuachan sa bhliain chéanna.[3]

Foireann aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad Colm Meaney, Brendan Conroy agus Donal O'Kelly na príomhaisteoirí

Aisteoir Ról[4]
Colm Meaney Joe Mullan
Donal O'Kelly Jap Kavanagh
Brendan Conroy Git
Donncha Crowley Shay
Barry Barnes Máirtín
Christopher Greene Jap Jnr

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Aerscéalta, Saol, Eanáir 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-12-30. Dáta rochtana: 2012-01-18.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-13. Dáta rochtana: 2008-03-31.
  3. http://www.foinse.ie/nuacht_det.php?nid=33[nasc briste go buan]
  4. IMDB.com - Film and cast summary for Kings (2007)

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]