Netflix
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | aip shoghluaiste físeán ar éileamh seirbhís beoshruthaithe físe suíomh gréasáin | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 29 Lúnasa 1997 2007 | ||||
| Bunaitheoir(í) | Netflix, Inc. | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Táirge | Netflix recommender system (en) | ||||
| Úsáideann sé/sí | Amazon Web Services | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Oibreoir | Netflix, Inc. | ||||
| Uachtaránacht | Ted Sarandos (2020–) | ||||
| Codanna | Netflix Sweden (en) Netflix Denmark (en) Netflix Norway (en) Netflix Finland (en) Netflix Iceland (en) Netflix Russia (en) Netflix Direct (en) | ||||
| Cuid de | Silicon Six (en) | ||||
| Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
| Suíomh gréasáin | netflix.com | ||||
Is ilnáisiúntach Meiriceánach é Netflix Inc, an tseirbhís sruthaithe is mó ar domhan.[1] Bunaíodh an comhlacht ar an 29ú Lúnasa 1997. Ach níor thosaigh an fís-sruthú ach sa bhliain 2007; d'athraigh Netflix nósanna teilifíse as éadan i ndiaidh sin. Caithfidh Netflix ardchaighdéan de shraitheanna agus scannáin a chur amach ionas gur fiú é íoc as an tseirbhís gach mí.[2]
Síntiúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 103.95m custaiméirí ag Netflix i mí Iúil 2017.
I rith na paindéime Covid, mheall Netflix níos mó daoine arís le bheith ina síntiúsóirí.
I ndiaidh tréimhse fhada fáis mar an phríomhsheirbhís sruthaithe, tá Netflix i láthair na huaire in iomaíocht le comhlachtaí eile. I ndiaidh praghsanna níos airde agus seirbhísí eile ag teacht chun cinn, tá Netflix ag streachailt sna 2020idí. Ach tá an lucht féachana ag baint úsáid go minic as níos mó ná seirbhís sruthaithe amháin na laethanta seo.[2]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Netflix ar an margadh in Éirinn ar an 9ú Eanáir 2012, ar dtús ar praghas €6.99/mí.
In Éirinn a taifeadadh cuid de na cláir is mó iomrá ar an tseirbhís, Wednesday, Vikings: Valhalla agus Grown Ups.[1]
Sa bhliain 2025, bhí fotheidil Ghaeilge curtha ag Netflix le ceann dá gcláir den chéad uair. Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil don tsraith House of Guinness. Dúirt Netflix go bhfuil na fotheidil Ghaeilge ann mar chuid dá soláthar dá síntiúsóirí in Éirinn agus dá dtacaíocht d’earnáil scannánaíochta na hÉireann.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "Fotheidil Ghaeilge curtha ar fáil ag Netflix den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-25). Dáta rochtana: 2025-09-27.
- ↑ 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge Londain (2022). "Nuacht Mhall: 23 Iúil 2022 (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-24.