Mortimer Wheeler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMortimer Wheeler

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Meán Fómhair 1890
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Iúil 1976
85 bliana d'aois
Leatherhead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir UCL Institute of Archaeology (en) Aistrigh
1937 – 1946 – Vere Gordon Childe → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity College London
Bradford Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmseandálaí, réamhstaraí, staraí na healaíne Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirLondon Museum (en) Aistrigh (1926–1944)
Museum Wales (en) Aistrigh (1920–1926)
UCL Institute of Archaeology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnOlwen Brogan
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleatabriogáidire Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda agus An Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileTessa Wheeler
Mabel Winifred Mary Wright (1939–)
Margaret Collingridge Wheeler (1945–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMichael Mortimer Wheeler
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert Mortimer Wheeler
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0923923 Cuir in eagar ar Wikidata

Seandálaí Albanach ab ea Sir Robert Eric Mortimer Wheeler (10/9/1890-22/7/1976); eisean a cheap an saghas tochailte a thugtar an "Kenyon-Wheeler method" air (bhain an seandálaí Kathleen Kenyon tairbhe as sna caogaidí). Rinne sé staidéar in Ollscoil Londan; ceapadh é mar stiúrthóir Iarsmalann Náisiúnta na Breataine Bige sa bhliain 1920 agus ba é caomhnóir Iarsmalann Londan é ó 1926 go 1944.

Rinne sé mórán tochailte sa Bhreatain; sa bhliain 1944 ceapadh é mar Ard-Stiúrthóir na Seandálaíochta san India agus rinne tochailt i láithreáin i ngleann an Indiaigh; eisean a tháinig ar láithreáin Mohenjo-daro agus Harappa (1921). D'fhill sé abhaile sa bhliain 1948 agus rinneadh ollamh de in Institiúid nua na Seandálaíochta. Bhí iomrá leis de bharr a chuid leabhar agus a ndearna sé de chraoladh ar an raidió agus ar an teilifís, rud a léirigh scéal an ama a chuaigh thart do phobal mór. Rinneadh ridire de sa bhliain 1952.

Sna tríochaidí, nuair a bhí sé ag iniúchadh Maiden Castle, daingean ársa atá i ngar do Dorchester, bhain sé leas as bolscaireacht faoi fhiúntas na seandálaíochta chun mna áitiúla agus mic léinn a mhealladh chun dul ag obair dó saor in aisce. Ba dheas an tseift í: ní raibh le déanamh ag an seandálaí ach an gnó a stiúradh, agus is iomaí duine a bhain tairbhe as an gcleas ó shin.

Modh Kenyon-Wheeler[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an mhodha seo foroinntear an talamh ina chearnóga atá isteach is amach le cúig mhéadar an taobh; déantar na cearnóga a thochailt, agus balc caol idir gach ceann díobh a fhágtar gan tochailt, é ag léiriú na stratam chun gur féidir foinse gach iarsma a dhéanamh amach go cruinn.

Tá fadhbanna ag baint leis an modh seo: ní féidir é a úsáid mura bhfuil strataim ann, is beag an mhaith é i dtochailt mhór, agus ní thugann sé deis do sheandeolaithe eile an láithreán a thochailt arís le modhanna nua. Tá tochailt limistéir oscailte tagtha ina ionad, mórán, cé go mbaintear feidhm as an "Modh" go fóill sa tSín agus san India.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Archaeology from the Earth, 1954.
  • Still Digging, Michael Joseph Ltd, 1955.
  • Hill Forts of Northern France, Londain, 1957.
  • The Indus Civilization, Cambridge, 1962.
  • Roman art and architecture, 1964.
  • Civilizations of the Indus Valley and Beyond, 1966.