Henry Salt
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 14 Meitheamh 1780 Lichfield, England |
| Bás | 30 Deireadh Fómhair 1827 47 bliana d'aois Desouk |
| Consul general (en) | |
| 1815 – | |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Luibheolaíocht |
| Suíomh oibre | Caireo |
| Gairm | taidhleoir, maisitheoir, maisitheoir, topagrafaí, bailitheoir luibheolaíochta, luibheolaí, seandálaí, péintéir, éigipteolaí, bailitheoir eolaíochta |
| Ball de | |
| Seánra | Portráid |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
| Giorrúchán luibheolaíochta | Salt |
| Teaghlach | |
| Athair | Thomas Salt |
Gradam a fuarthas | |

Taidhleoir agus Éigipteolaí ab ea Henry Salt (14 Meitheamh 1780 – 30 Deireadh Fómhair 1827).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhás Salt suas i Lichfield, Sasana.
Sa bhliain 1815 ceapadh Salt mar phríomhchonsal Briotanach i gCaireo. Ba ghearr go raibh sé féin agus Bernardino Drovetti, an consal Francach, ag dul in adharca a chéile, agus iad araon ag iarraidh seandachtaí Éigipteacha a fháil ar ais nó ar éigean. Bhí gach duine acu ag brath ar dhiograiseoirí eile: bhí an sceitseálaí Frédéric Cailliaud agus an dealbhóir Jacques Rifaud ag cuidiú le Drovetti agus d’fhostaigh Salt Giovanni Battista Belzoni.
Chuir Salt tochailt á déanamh sa Téibh agus in Abú Simbel; é oilte ar léamh na n-iarglaifí agus bua na healaíne aige, rud a chuaigh ar sochar dó agus é ag léiriú a bhfaca sé ag taisteal dó.
Bhailigh sé a lán seandachtaí agus déantúsáin, agus é san Éigipt, go háirithe ceann Raimséas II (a taispeánadh in Iarsmalann na Breataine)[2] agus sarcafagas Raimséas III (ar cheannaigh an Louvre é).
Cailleadh Salt i Desouk san Éigipt. Tá sé curtha i gCathair Alastair.
Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Manley, Deborah agus Reé, Peta, Henry Salt: Artist, Traveller, Diplomat, Egyptologist. ISBN 190196503x
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ British Library (1809). "Ancient excavations at Carli. (maps_6_tab_74_f014r)" (en-GB). British Library Images. Dáta rochtana: 2021-10-30.
- ↑ "Younger Memnon" (as en) (2021-04-13). Wikipedia.