Georges Laplace

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réamhstaraí agus iarmhúinteoir Francach ab ea Georges Laplace (13 Lúnasa 1918 - 21 Meán Fómhair 2004). Bhí baint aige leis an Résistance sa Dara Cogadh Domhanda, agus ansin le harm de Gaulle (1944). Chuaigh sé le seandálaíocht tar éis an Chogaidh agus ghnóthaigh dochtúireacht sa bhliain 1961: Recherches sur l'origine et l'évolution des complexes leptolithiques. Sa bliain 1970 bhunaigh sé an Centre de palethnologie stratigraphique d’Arudy.

In éineacht le Louis Méroc, cheap sé dóigh chun cuntas cruinn a thabhairt ar shuíomh na n-iarsmaí i bhfosú seandálaíoch, dóigh a mbaintear feidhm as go forleathan fós. Foroinntear an limistéar tochailte ina chearnóga atá 1m an taobh agus socraítear suíomh na n-iarsmaí le dhá chomhordanáid ("x" agus "y") idir 0 agus 100cm; freagraíonn an tríú tomhas ("z") d’airde na n-iarsmaí i gcoibhneas leibhéil thagartha.

San am céanna, tugtar tréaniarracht ar chur síos cruinn a dhéanamh ar na strataim.

Bhain Laplace feidhm as an tsaintréitheacht anailíseach, córas dinimiciúil, chun tuairisc a thabhairt ar an gcéad chéim éabhlóideach den ré phailéiliotach uachtarach san Iodáil. Tá sí bunaithe ar anailís a dhéanamh ar thréithe i dtreo go rangófaí iad de réir na tuairisce.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Laplace, G. et Méroc, L. (1954) – “Application des coordonnées cartésiennes à la fouille d'un gisement,” Bulletin de la Société Préhistorique Française, t. LI, lgh. 58-66.
  • Laplace, G. (1974) – “De la dynamique de l'analyse structurale ou la typologie analytique,” Rivista di Scienze Preistoriche, vol. XXIX, fasc. 1, lgh. 3-71.
  • Cabon, C. (2004) – "Georges Laplace (1918-2004)," Paléo, uimhir 16, lgh. 9-22.