William Matthew Flinders Petrie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
William Matthew Flinders Petrie
Flinders Petrie.jpg
ollamh

Saol
Eolas breithe Charlton, Meitheamh 3, 1853
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Bás Iarúsailéim, Iúil 28, 1942
Áit adhlactha Mount Zion Cemetery, Jerusalem (en) Aistrigh
Cúis bháis  (maláire)
Muintir
Athair William Petrie
Máthair Anne Flinders
Céile/Céilí Hilda Petrie
Páistí
Oideachas
Mic léinn dochtúireachta Edward R. Ayrton (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Mic léinn Margaret Murray
James Quibell (en) Aistrigh
Ione Gedye
Gairm
Gairm éigipteolaí, seandálaí agus scríbhneoir
Fostóirí University College London
Saothar iomráiteach Merneptah Stele (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Cumann Ríoga
Royal Swedish Academy of Sciences (en) Aistrigh
Royal Swedish Academy of Letters, History and Antiquities (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Anglacánachas

Éigipteolaí Sasanach agus Ollamh le hÉigipteolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Londain ab ea William Matthew Flinders Petrie (3 Meitheamh 1853 - 28 Iúil 1942).

Baisteadh é as a sheanathair, an Captaen Matthew Flinders, taiscéalaí a rinne an chéad léarscáil iomlán de chósta na hAstráile.

Sa bhliain 1883 d'iarr Amelia Edwards air turas a dhéanamh ar son Chiste Taiscéalaíochta na hÉgipte (Egypt Exploration Fund), ciste a bhí sí tar éis a chur ar bun. Faoin mbliain 1884 bhí sé i mbun oibre. Ní raibh sé ar aon intinn le coiste an Chiste, dream a raibh drochmheas aige orthu mar mhaorlathaigh neamhinniúla. D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1886 agus d'oibrigh ina aonar ar feadh seacht mbliana fichead sna háiteanna ba thábhachtaí sa tír.

Meastar gurbh eisean a bhunaigh Éigipteolaíocht an lae inniu, ós eisean ba thúisce a bhain feidhm as modhanna eolaíocha san Éigipt, leithéid na strataimeolaíochta: baintear rudaí amach dá réir ó shraith i ndiaidh sraithe (seift a ligeann duit iad a dhátú níos cruinne). Sin mar a dhéantar fós é.

Rinne Petrie tochailt i dhá cheann déag de na láithreáin Éigipteacha ba mhó. Orthu sin bhí reilig Hauwarâ el-Maqta sa Fayoum, áit ar fhág sárphortráidí na marbh clú uirthi, Tell al-Amarna, príomhchathair Aichéanatan, agus pirimid Meïdoum. Rinne sé tochailt an-chúramach i bpirimid mhór Giza ó 1880 go 1883, agus eisean a tháinig ar na blúirí de dhealbh ollmhór de Raimséas sa bhliain 1884. Rinneadh ball den Chumann Ríoga de sa bhliain 1902. Cailleadh in Iarúsailéim é, áit a raibh sé i mbun tochailte ón mbliain 1927 amach. Bhí os cionn dhá scór imleabhar de thuairiscí scríofa aige agus beagnach naoi gcéad alt agus léirmheas.