Maláire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMaláire
cuir in eagar
Cineálgalar tógálach prótasónach seadánach, galar veicteoir-iompartha agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmteoiric na miasma agus bogach Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha, míochaine thrópaiceach agus seadeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíintermittent fever (en) Aistrigh, periodic fever (en) Aistrigh, heipitimeigileacht, ainéime, splínimeigileacht, buíochán, cóma agus crithfhuacht Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduitheblood film (en) Aistrigh, micreascóp solais agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilantimalarial (en) Aistrigh, Friteochtaí, sreabháin infhéitheacha agus symptomatic treatment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ualach tinnis55,111,095 agus 216,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachABO, ATP2B4 agus DDC Cuir in eagar ar Wikidata
Tarchur pataigineachmosquito borne transmission (en) Aistrigh agus fuilaistriú Cuir in eagar ar Wikidata
CúisPlasmodium falciparum, Plasmodium vivax, Plasmodium malariae, Plasmodium ovale agus Plasmodium knowlesi Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10B54 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9084 agus 084.6 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA73 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0129210 agus 0121122 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM248310 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB7728 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000621 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine221134 agus 784065 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKmalaria-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD008288 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet673 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0024530 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:12365 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar tógálach is ea an mhaláiremalaria (ón Iodáilis Mheánaoiseach do 'dhroch-aer' a thagann sé). Tá sé coitianta sna trópaicí agus sna fothrópaicí. Bíonn 350–500 milliún cás ann gach bliain,[1] Tá dlúthbhaint idir an mhaláire agus an bochtanas.[2]

Galar a tholgtar trí fhuil duine a ghalrú le seadán ar leith.[3] Trí gha na muiscíte, a iompraíonn an seadán, a thógann duine an galrú. Ní chuireann an seadán isteach beag ná mór ar an bhfeithid féin, agus mar sin ní dhéanann a córas imdhíonach aon ionsaí air.

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anopheles albimanus

Maraítear 1-3 milliún duine gach bliain, 90% díobh san Afraic fho-Shahárach: páistí iad a bhformhór, ar an mórgóir sna tíortha trópaiceacha.[4]

Ach le firinne, is fadhb dhomhanda í, mar is iomaí cuairteoir ar thír the a fhilleann ar a thír dhúchais is é ionfhabhtaithe ag an seadán a bhíonn ciontach as an maláire. Sa Bhreatain, mar shampla, tarlaíonn 2,000 cás den ghalar seo gach bliain agus bíonn sé ina thrúig bháis do dháréag astu sin.

Ceiliúrtar an Lá Domhanda in aghaidh na Maláire ar 25 Aibreán gach bliain.

Déanann cuairteoirí ar thíortha teo an-chuid rudaí chun na muiscítí a choimeád amach uathu, ag baint feidhm as sprae éarthach, feithicídí, eangach muiscíte istoíche, Ach is rídheacair a ngathanna a sheachaint. Fiabhras marfach na dtrópaicí ab ea í riamh.

An galar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seadán (paraisít) ar a dtugtar Plasmodium is cúis leis. As greim na muiscítí ionfhabhtaithe is mó a tholgtar an galar. I gcorp an duine téann na seadáin isteach san ae agus tagann borradh agus fás ar líon na seadán ann. Ina dhiaidh sin ionfhabhtaíonn siad na fuilchealla dearga. Is féidir comharthaí an ghalair a aithint sa duine ionfhabhtaithe tuairim is 10-15 lá i ndiaidh na greama, mar shampla fiabhras, tinneas cinn agus urlacan.

Tá cúig speiceas Plasmodium ann is cúis leis an maláire sa duine daonna: is é Plasmodium falciparum an ceann is marfaí. Is annamh a mharaíonn Plasmodium vivax, Plasmodium ovale agus Plasmodium malariae an duine. Zónóis is ea Plasmodium knowlesi, is é sin, galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí, macaque i gcás P. knowlesi.[5][6]

Leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon leigheas uirthi: ní féidir ach na siomptóim a mhaolú agus na seadáin sa cholainn a choimeád faoi smacht leis na córacha leighis atá ar fáil. Le fada bhíodh dhá uirlis ann chun an mhaláire a chloí: an fheithidicíd DDT a chraobhscaoi!eadh ar fud na dúiche chun na muiscítí a mharú, agus an druga clórachuineon mar cóir leighis ar dhaoine galraithe. Cheap daoine sna 1960idí go raibh an lámh in uachtar faighte ar an maláire, ach tá cineálacha muiscítí tagtha chun cinn le tamall atá imdhíonach ar DDT, agus iad go flúirseach san Afraic anois. Níl aon vacsaín a d'fheidhmeodh i gcoinne na maláire, agus tá sí ag dul i dtreise arís san Afraic, ag bagairt tubaiste ar na daoine ansin. Anois, áfach, tá dóchas ag na taighdeoirí gur féidir an innealtóireacht ghéiniteach a úsáid chun a fhadhb a réiteach thar am. Scéim mar seo atá á cur i ngníomh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is féidir géin nua ó fheithid eile a chur isteach sa mhuiscít agus é ina ubhán toirchithe. Nuair a fhásann an t-ubhán sin sa mhuiscít, is feithid thrasghéineach í le pé airí a thugann an ghéin nua. Más airí í seo a spreagann córas imdhíonach na muiscíte chun dul i ngleic le seadán na maláire, déanfaidh an mhuiscít féin pé seadáin a bhíonn á n-iompar aici a dhíothú. Níl toradh fós ar an scéim seo.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gearmáinis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Jürgen Knobloch: Malaria - Grundlagen und klinische Praxis. Uni-Med-Verlag, Bremen 2002. ISBN 3-89599-623-8
  • Waldemar Malinowski: Impfungen für Auslandsreisende und Malariaprophylaxe. Vademecum für niedergelassene Ärzte. Facultas-Verlag, Wien 2001. ISBN 3-85076-538-5
  • Martin Kappas: Klimatologie: Klimaforschung im 21. Jahrhundert- Herausforderung für Natur- und Sozialwissenschaften, Springer, 2009, ISBN 978-3-8274-1827-2 , 7.2.1. Auswirkungen von Temperaturveränderungen auf die Malariaübertragung; 7.2.2. Auswirkungen von Niederschlagsveränderungen auf die Malariaübertragung [1]

Béarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Joel G. Breman, Martin S. Alilio, Anne Mills: The intolerable burden of Malaria II. The American journal of tropical medicine and hygiene. Bd 71, Nr. 2, Supplement. American Society of Tropical Medicine and Hygiene, Northbrook 2004. ISSN 0002-9637
  • Peter Perlmann, Marita Troye-Blomberg: Malaria Immunology. Karger, Basel 2002. ISBN 3-8055-7376-6
  • David Sullivan, Sanjeev Krishna (Hrsg.): Malaria. Drugs, disease and post-genomic biology. Springer, Berlin 2005. ISBN 3-540-25363-7
  • David A. Warrell, Herbert M. Gilles: Essential Malariology. Arnold, London 2002. ISBN 0-340-74064-7

Fraincis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Jacques Verdrager, L'OMS et le paludisme : mémoires d'un médecin spécialiste de la malaria. – L'Harmattan, coll. « Acteurs de la science », Paris, 2005 ISBN 2-7475-8246-9
  • « Santé des voyageurs et recommandations sanitaires 2005 », Bulletin épidémiologique hebdomadaire, numéro 24-25/2005 (14 juin 2005) [2] Curtha i gcartlann 2005-10-22 ar an Wayback Machine
  • Marie Josserand Debacker, Paludisme : historique, mythes, croyances et idées reçues, thèse d'exercice, Médecine, Paris XII, 2000 [3]
  • Serge Paul Eholié, Emmanuel Bissagnéné et Pierre-Marie Girard (dir.), Mémento thérapeutique du paludisme en Afrique, Doin, IMEA, Paris, 2008, 139 p. ISBN 978-2-7040-1253-4
  • Christian Lengeler, Jacqueline Cattani et Don de Savigny (dir.), Un mur contre la malaria : du nouveau dans la prévention des décès dus au paludisme, Centre de recherches pour le développement international, Ottawa ; Organisation mondiale de la santé, Genève, 1997, 220 p. ISBN 0-88936-831-7
  • Jean Mouchet, Pierre Carnevale, Marc Coosemans et al., Biodiversité du paludisme dans le monde, J. Libbey Eurotext, Montrouge, 2004, 428 p. ISBN 2-7420-0528-5

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Malaria Facts. Centers for Disease Control and Prevention.
  2. "Malaria: Disease Impacts and Long-Run Income Differences" (PDF).
  3. "Fréamh an Eolais" (en-US). Litríocht (2012-01-09). Dáta rochtana: 2020-04-25.
  4. Snow RW, Guerra CA, Noor AM, Myint HY, Hay SI (2005). "The global distribution of clinical episodes of Plasmodium falciparum malaria". Nature 434 (7030): 214–7. doi:10.1038/nature03342. PMID 15759000. 
  5. Fong YL, Cadigan FC, Coatney GR (1971). "A presumptive case of naturally occurring Plasmodium knowlesi malaria in man in Malaysia". Trans. R. Soc. Trop. Med. Hyg. 65 (6): 839–40. doi:10.1016/0035-9203(71)90103-9. PMID 5003320. 
  6. Singh B, Kim Sung L, Matusop A, et al. (March 2004). "A large focus of naturally acquired Plasmodium knowlesi infections in human beings". Lancet 363 (9414): 1017–24. doi:10.1016/S0140-6736(04)15836-4. PMID 15051281.