An Teochrios

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Treochris

Reigiún aeráideach mórthimpeall an mheánchiorcail is ea An Treochris (malairt leagan:Na Trópaicí). Síneann an réigiún ó Thrópaic an Phortáin (23.5° ó thuaidh) go Trópaic an Ghabhair (23.5° ó dheas). Ag grianstad an tsamhraidh bíonn an Ghrian díreach os cionn na trópaice thuaidh, ag dul isteach faoi chomhartha stoidiacach an Phortáin. Mar an gcéanna maidir leis an trópaic theas ag grianstad an tsamhraidh ó dheas (is an gheimhridh ó thuaidh). Go ginearálta bíonn an teocht ard sa chrios seo, thar 20 °C ar an meán. Sna trópaicí taise, bíonn báisteach bhliantúil níos mó ná 2,000 mm, sa mhí is tirime chomh beag le 50 mm. Foraoisí báistí an fásra is coitinne iontu. Sna trópaicí fliucha/tirime bíonn níos mó séasúrachais ann, báisteach mheánach níos mó ná 1,000 mm sa bhliain agus thar 50 mm sa mhí ar feadh 5 mhí ar a laghad. Is é an sabhána an gnáthfhásra sna réigiúin seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Trópaicí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 680.