Eangach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Obair maisiúcháin le patrúin shainiúla ar charraig a úsáidtear sa chuid uachtarach d'fhuinneog, crann saingil, painéal nó gné eile d'fhoirgnimh. Feictear de ghnáth í in ailtireacht Ghotach, bíodh is nár tugadh an téarma seo isteach go dtí an 17ú céad i Shasana. Tá dhá phríomhshaghas ann: an phláteangach shimplí a chuireann béim ar na spáis ghlana, agus an bharra-eangach atá níos casta is a úsáideadh go forleathan in eaglaisí Gotacha. Tá a thuilleadh fo-ranna stíle ann, geoiméadrach, trasnaíoch, painéal, is mogallach ina measc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eangach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 236.