DDT

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
DDT

Is éard atá i DDT (déchlóraidéfheiniltríchlóireatán) ná meascán ceimiceach arbh é an ceimiceán seo a phríomhchomhábhar. Ceann de na feithidicídí luatha is rathúla dá raibh ann. Tréigeadh é ó na 1970idí ar aghaidh, áfach, mar tháinig cineálacha nua feithidí chun cinn le himdhíonacht ina choinne, agus fuarthas nár dhianscaoil sé sa nádúr i bhfochodanna sábháilte do dhaoine nó ainmhithe eile.