Feithidicíd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar a mharaíonn feithidí. Na saghsanna is coitinne, is comhdhúile orgánacha saorga leachtacha iad agus spraeálann feirmeoirí iad, ach is féidir leo a bheith gráinneach nó i bhfoirm púdair freisin. Tá imní go forleathan go dtéann na hábhair seo isteach i slabhra an bhia agus go ndéanann dochar d'ainmhithe fiáine is b'fhéidir do dhaoine. Bhíodh DDT ar an bhfeithicíd ba choitinne agus ba leithne úsáide ar fud an Domhain tar éis an dara cogadh domhanda, ach anois tá cosc iomlán air i gcuid mhaith tíortha de bharr a inmharthanachta i slabhra an bhia. Tá bealach eile ann anois, ina n-úsáidtear baictéir ar leith a tháirgeann feithidicíd atá nimhiúil do raon mór feithidí lotnaide.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feithidicíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.