Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha

AintiúnMarseillaise an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrPSR Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtasóisialachas talmhaíochta
sóisialachas daonlathach
feidearálachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1900
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1940 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deSecond International (en) Aistrigh
Labour and Socialist International (en) Aistrigh (1923–1940) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtViktor Chernov Cuir in eagar ar Wikidata
Póstaer don toghchán sa bhliain 1917. An téacs thuas: An Páirtí Sóis.-Réabh. An téacs atá á iompar ag na léirsitheoirí: Sa chath a bhainfidh tú amach do cheart. An téacs ar an gcruinneog: Talamh agus Saoirse.

B'é Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha (Rúisis:Партия социалистов-революционеров/Partiya sotsialistov-revolyutsionerov) an ceann ba thábhachtaí de pháirtithe na heite clé in Impireacht na Rúise roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1902, ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud na Rúise a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.

Cé gur páirtí Sóisialach ab ea na Sóisialaithe Réabhlóideacha, níor chreid siad sa Mharxachas. Is é an tuiscint a bhí ag Karl Marx ar an réabhlóid shóisialach gurbh é an lucht oibre, an phrólatáireacht thionsclaíoch, a chuirfeadh i gcrích í. Ní raibh idé-eolaithe na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar aon tuairim leis, a fhad agus a bhí an Rúis i gceist. Ní raibh an oiread sin tionsclaíochta sa Rúis, a d'áitigh siad, nó ba tír curadóireachta agus talmhaíochta í thar aon rud eile. Mar sin, b'iad scológa bochta na tuaithe an aicme réabhlóideach, dar leo. Bhí siad ag féachaint le tacaíocht na scológ a fháil, agus d'éirigh leo réasúnta maith.

Níor dhruid siad siar ón sceimhlitheoireacht ach oiread. Mharaigh sceimhlitheoirí Sóisialacha Réabhlóideacha a lán státseirbhíseach ard, agus, fiú, beirt Airí Gnóthaí Inmheánacha.

I ndiaidh Réabhlóid na Feabhra 1917, tháinig scoilt ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha. Thacaigh eite dheis an pháirtí leis an Rialtas Sealadach nua a ndeachaigh duine dá gcuid féin, Aleksandr Kerensky, i gceannas air. Thaobhaigh eite chlé an pháirtí leis na Boilséivigh. De réir a chéile, chuaigh cuid acu sna Boilséivigh, ach d'fhéach cuid eile le héirí amach nuair a chonaic siad go raibh na Boilséivigh ag cur ar bun deachtóireacht aon pháirtí sa tír. Ar an 30ú Lúnasa 1918, rinne Fanya Kaplan, Sóisialaí Réabhlóideach, iarracht Léinín a mharú, agus ghoin sí é go dona. Cuireadh Kaplan chun báis trí lá ina dhiaidh sin, agus rinneadh géarleanúint ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar fud na tíre.

Ghlac iarsmaí na Sóisialaithe Réabhlóideacha páirt i gCogadh Cathartha na Rúise ag iarraidh cur in aghaidh na mBoilséiveach. Ina dhiaidh sin, fuair cuid acu - ar nós Aleksandr Kerenskiy - tearmann sna tíortha Iartharacha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]