An Ghearmáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gearmáin)
Infotaula de geografia políticaAn Ghearmáin
Bundesrepublik Deutschland (de)
Deutschland (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach na Gearmáine Armas na Gearmáine
Bratach na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata Armas na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Aerial view of Berlin (32881394137).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnDas Lied der Deutschen Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Einigkeit und Recht und Freiheit» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósGermania Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Germany (orthographic projection).svg
 51°N 10°E / 51°N 10°E / 51; 10

PríomhchathairBeirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán83,149,300 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga, nó leagan teangaAn Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deIarthar na hEorpa, an Eoraip Láir, An tAontas Eorpach agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla357,587.77 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce2.3 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt agus An Mhuir Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeZugspitze (2,962.06 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleNeuendorf-Sachsenbande (−4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Ghearmáin Thiar, An Ghearmáin Thoir, An Reich Gearmánach, Trizone (en) Aistrigh agus An Reich Gearmánach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1918:  (Poblacht Weimar)
1933:  (Gearmáin na Naitsithe)
Bealtaine 23, 1949:  (An Ghearmáin Thiar)
Deireadh Fómhair 3, 1990Iomlán (German reunification (en) Aistrigh)
Eachtra barrthábhachtach
Saoire phoiblí
ÉarlamhNaomh Mícheál Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisfederal parliamentary republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinfederal level of Germany (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachBundesrat Cuir in eagar ar Wikidata
• uachtarán na Gearmáine Cuir in eagar ar WikidataFrank-Walter Steinmeier (Márta 19, 2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Seansailéir Feidearálach na Gearmáine Cuir in eagar ar WikidataOlaf Scholz (Nollaig 8, 2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeFederal Constitutional Court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.de Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+49 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 agus 110 Cuir in eagar ar Wikidata
Fuaimniú, , , agus Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinverwaltung.bund.de Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáinan Almáin[1] (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an tSeic, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Stair na Gearmáine
Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945

Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.

Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an foirgneamh Reichstag i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine (Bundestag)

Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). De ghnáth, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dhlísheomra chun an Grundgesetz a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an Grundgesetz, mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná scaradh na gcumhachtaí, an struchtúr cónaidhmeach, agus riail an dlí a bheith bailí go suthain.

Comhdhéanamh polaitiúil an Bundestag i ndiaidh toghchán feidearálach 2021

Tá dhá dhlísheomra ag an leibhéal feidearálach: an Bundestag, an teach íochtarach, agus an Bundesrat, an teach uachtarach. Is í an Bundestag an seomra is cumhachtaí díobh. Ó tharla an toghchán feidearálach is déanaí i 2021, tá ocht bpáirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu ann. Is iad na Daonlathaithe Sóisialta (daonlathach-sóisialach, lár-chlé), Comhghuaillíocht 90/Na Glasaigh (glas, lár-chlé), agus na Daonlathaithe Saora (liobrálach, lár-dheis) na trí pháirtí atá i mbun rialtais i láthair na huaire. Sa fhreasúra, tá an tAontas Daonlathach Críostach agus a bpairtnéirí an tAontas Sóisialta Críostach (Daonlathach-Críostach, lár-dheis), Rogha Eile don Ghearmáin (fad-dheis), An Eite Chlé (sóisialach, fad-chlé), agus Cumann Vótóirí Schleswig Theas, páirtí a dhéanann ionadaíocht ar son na mionlach eitneach Danmhairgeach agus Freaslannach. Is ball de na Daonlathaithe Sóisialta é Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spéirlíne Frankfurt, ionad airgeadais is mó na Gearmáine

Staitisticí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI PCC. Is í an tríú hearnáil an earnáil eacnamaíochta is mó: í ag cruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón dara hearnáil agus 1% ón chéad earnáil. Is í an Ghearmáin an tríú honnmhairteoir earraí is mó ar domhan,[2] agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithe ar domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016.[3] I Mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ar 3.0%, an tríú leibhéal ba lú san Aontas Eorpach.[4]

De réir Innéacs an Fhorbartha Dhaonna, Socraithe don Éagothroime, 2021 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an Ghearmáin an 8ú tír is forbartha ar domhan, as 156 tír a tomhaiseadh.[5] Cuireann sé sin ar an gceathrú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh í.

I dTuarascáil Sonas Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, measadh gurbh í an Ghearmáin an 15ú tír ba shona, as 156 thír.

Onnmhairithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Monarcha de chuid Volkswagen in Dresden

I gcomparáid le tíortha móra eile san Aontas Eorpach, is onnmhairteoir mór í an Ghearmáin. Rinne an Ghearmáin onnmhairithe arbh fhiú 47% dá hOTI iad sa bhliain 2017, dar le World Factbook an CIA[6], i gcomparáid le 31% sa Fhrainc[7] agus san Iodáil[8] araon agus 30% sa Ríocht Aontaithe[9]. Ba iad innealra agus feithiclí na cineáil onnmhairithe is mó de réir luach airgid sa bhliain 2017.[10]

Airgeadra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh Corn an Domhain sna blianta 1954, 1974, 1990 agus 2014 agus Craobh na hEorpa sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga.

Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Caomhánach, Seán Óg Mac Murchadha (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe" (as Gaeilge). “túrnach” 
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-27. Dáta rochtana: 2022-09-15.
  3. https://www.transparency.org/news/feature/corruption_perceptions_index_2016
  4. http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics
  5. Náisiún Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
  6. "Europe :: Germany — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-11. Dáta rochtana: 2019-05-10.
  7. "Europe :: France — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-24. Dáta rochtana: 2019-05-10.
  8. "Europe :: United Kingdom — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-07. Dáta rochtana: 2019-05-10.
  9. "Europe :: Italy — The World Factbook - Central Intelligence Agency". www.cia.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-09. Dáta rochtana: 2019-05-10.
  10. Daniel Workman (2019-02-24). "Germany’s Top 10 Exports" (en-US). World's Top Exports. Dáta rochtana: 2019-05-10.