Lá Aontais na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Aontais na Gearmáine
Íomhá
3 Deireadh Fómhair 2004
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Tag der Deutschen Einheit Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaoire phoiblí
lá náisiúnta de an Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósGerman reunification (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séGerman reunification (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
3 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#TagderDeutschenEinheit Cuir in eagar ar Wikidata


Is lá saoire poiblí é Tag der Deutschen Einheit,Lá Aontais na Gearmáine, ar a ndéantar ceiliúradh ar imeachtaí a chuir deireadh le críochdheighilt a mhair breis agus daichead bliain (1949-1990).[1] Athaontaíodh an Ghearmáin ar 3 Deireadh Fómhair 1990. Is ar an 3 Deireadh Fómhair gach bliain a thiteann an lá saoire seo. anois

eisithe 1990
2010

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a mhol ceannairí cumannacha na Gearmáine Thoir cur faoi chois fuilteach lucht agóide i gCearnóg Tiananmen sa tSín i 1989, bhí imní ar mhórán go mbeadh fuil á doirteadh i mBeirlín sula ngéillfí. Faoi mar a tharla, níor maraíodh oiread agus duine agus an daonlathas á bhunú agus an tír á haontú.

An Reichstag ar 3 DF 1990

Bhreathnaigh daoine ar an dá thaobh den teorainn a roinn an Ghearmáin ina dhá cuid go dtí 1990 orthu féin mar Ghearmánaigh. Mar sin buaileadh bille mór millteach cánach ar na cáiníocóirí san Iarthar (an 'Solidaritätszuschlag', formhuirear 5.5% ar ioncaim); bhí siad ag íoc as an athaontú suas go dtí 2020.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1996, ag comhchruinniú de thithe an Oireachtais, ghabh Seansailéir Helmut Kohl na Gearmáine buíochas le hÉirinn as ucht athaontú a thíre a bhrostú. Thagair sé don tacaíocht láidir ón AE a mhol an Taoiseach Charles Haughey le linn tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas sa chéad leath de 1990. Níor theastaigh athaontú gan mhoill sa Ghearmáin ón bhFrainc ná ón Ríocht Aontaithe (bhainfí an bonn den tseasmhacht idirnáisiúnta, a dúirt príomh-aire na Breataine Margaret Thatcher ag an am) ach níor aontaigh móramh na mballstát leo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lá breithe sona, a mhuintir na Gearmáine aontaithe…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-10-03). Dáta rochtana: 2023-10-03.