An Ghearmáin Thoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ghearmáin Thoir
Deutsche Demokratische Republik (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnAuferstanden aus Ruinen (1949-1990) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«A oibrithe an domhain, aontaígí!» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52°03′N 12°23′E / 52.05°N 12.39°E / 52.05; 12.39
Críoch á éileamh agAn Ghearmáin Thiar (–1972) Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairBeirlín Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán16,111,000 (1990) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús148.93 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla108,179 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Reich Gearmánach, Soviet occupation zone of Germany (en) Aistrigh agus Allied Control Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú7 Deireadh Fómhair 1949
Díscaoileadh3 Deireadh Fómhair 1990 agus 1989
Á leanúint agan Ghearmáin agus stáit nua de chuid na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisdeachtóireacht chumannach, poblacht pharlaiminteach agus poblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinComhairle Airí na Gearmáine Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachVolkskammer Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Gearmáine Thoir Cuir in eagar ar WikidataWilhelm Pieck (1949–1960) Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisOtto Grotewohl (1949–1964)
Willi Stoph (1964–1973)
Horst Sindermann (1973–1976)
Willi Stoph (1976–1989)
Hans Modrow (1989–1990)
Lothar de Maizière (1990–1990) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadramarg na Gearmáine Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Fearann Idirlín barrleibhéil.dd Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+37 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreluach ar iarraidh agus DD Cuir in eagar ar Wikidata

Tír i Lár na hEorpa a bhí ann óna bunú ar an 7 Deireadh Fómhair 1949 go dtí a hathaontú leis an nGearmáin Thiar ar an 3 Deireadh Fómhair 1990 ab ea An Ghearmáin Thoir (Gearmáinis: Ostdeutschland), nó go hoifigiúil Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine (Deutsche Demokratische Republik, nó DDR). Uaireanta tugtar “Iarthar na Gearmáine” air i nGaeilge freisin. Go dtí 1989, breathnaíodh air go ginearálta mar stát cumannach, agus rinne sí cur síos uirthi féin mar “stát sóisialach an lucht oibre agus na dtuathánach”.[1] Bhí geilleagar na tíre pleanáilte go lárnach agus bhí sé faoi úinéireacht an stáit.[2] Cé go raibh ar an DDR cúiteamh cogaidh substaintiúil a íoc leis na Sóivéadaigh, ba é an geilleagar is rathúla i mBloc an Oirthir.[3]

Sular bunaíodh í, bhí críocha na tíre á riaradh agus faoi smacht fórsaí Sóivéadacha de réir théarmaí Forógra Bheirlín ar an 5 Meitheamh 1945 a chuir deireadh le flaithiúnas na Gearmáine tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Le Comhaontú Potsdam ar an 1 Lúnasa 1945, bunaíodh an crios Sóivéadach, le líne Oder-Neisse mar theorainn leis an bPolainn san oirthear. Stát spleách de chuid an Aontais Shóivéadaigh a bhí ann.[4] Bhí an DDR faoi smacht Pháirtí Aontachtach Sóisialach na Gearmáine, páirtí cumannach, ó 1949 go 1989, sula ndearnadh daonlathú agus liobrálú air faoi thionchar Réabhlóidí 1989 in aghaidh na stát cumannach, rud a chuir dlús le hathaontú na Gearmáine Thoir leis an Iarthar.

Ó thaobh tíreolaíochta de, bhí an Ghearmáin Thoir suite idir Muir Bhailt ó thuaidh, an Pholainn ar an taobh thoir, an tSeicslóvaic ar an taobh thoir theas, agus an Ghearmáin Thiar ar an taobh thiar agus thiar theas. Taobh istigh den tír, bhí teorainn freisin leis an limistéar Sóivéadach i mBeirlín, ar a dtugtaí Beirlín Thoir, príomhchathair de facto na tíre. Bhí teorainn aici freisin leis na trí limistéar a bhí i seilbh na Stát Aontaithe, na Ríocht Aontaithe, agus na Fraince ar a dtugtaí le chéile Beirlín Thiar (cuid de facto den Ghearmáin Thiar). Fadhb shuntasach ab ea an eisimirce chuig an Iarthar toisc gur dhaoine óga oilte iad go leor de na heisimircigh; lagaigh a leithéid d'eisimirce cúrsaí eacnamaíochta sa stát. Mar fhreagra air sin, dhaingnigh rialtas an DDR na teorainneacha seo, agus níos déanaí thóg sé Balla Bheirlín in 1961.[5] Mharaigh na gardaí teorann agus bobghaistí ar nós mianach talún go leor daoine a rinne iarracht teitheadh ó Bheirlín Thoir.[6][7][8][9]

Sa bhliain 1989, mar thoradh ar fhórsaí sóisialta, eacnamaíochta, agus polaitíochta sa DDR agus thar lear, ina measc na hagóidí síochánta a thosaigh i Leipzig, leagadh Balla Bheirlín agus bunaíodh rialtas nua a bhí tiomanta don liobrálú. An bhliain dár gcionn, reáchtáladh toghchán saor agus cothrom sa tír.[10] Mar thoradh ar chaibidlíocht idirnáisiúnta idir ceithre cinn de thíortha na gComhghuaillithe agus dhá thír Ghearmánach, síníodh an conradh um an Socraíocht Deiridh maidir le stádas agus teorainneacha na Gearmáine Athaontaithe a bhí le teacht, conradh a tháinig in ionad Chomhaontú Potsdam.Tháinig deireadh oifigiúil leis an nGearmáin Thoir nuair a chuaigh a cúig stát (“Länder”) i gcomhar le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine faoi Airteagal 23 den Dlí Bunúsach, agus athaontaíodh Beirlín Thoir le Beirlín Thiar mar chathair amháin de chuid na Poblacht Cónaidhme, ar an 3 Deireadh Fómhair 1990. Cuireadh an dlí ar roinnt ceannairí de chuid na Gearmáine Thoir níos déanaí, go háirithe an ceannaire cumannach deireanach Egon Krenz, mar gheall ar chionta a rinne siad le linn aimsir an DDR.[11][12]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Major, Patrick (2002). "The Workers' and Peasants' State: Communism and Society in East Germany Under Ulbricht 1945–71". Manchester University Press. ISBN 978-0-7190-6289-6. 
  2. Peter E. Quint. The Imperfect Union: Constitutional Structures of German Unification, Princeton University Press, 2012, pp. 125–126.
  3. "German Democratic Republic: long history of sustained economic growth continues; 1989 may be an advantageous year to consider this market - Business Outlook Abroad: Current Reports from the Foreign Service". Business America (1989-02-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Samhain 2007.
  4. Karl Dietrich Erdmann, Jürgen Kocka, Wolfgang J. Mommsen, Agnes Blänsdorf. Towards a Global Community of Historians: the International Historical Congresses and the International Committee of Historical Sciences 1898–2000. Berghahn Books, 2005, p. 314. ("However the collapse of the Soviet empire, associated with the disintegration of the Soviet satellite regimes in East-Central Europe, including the German Democratic Republic, brought about a dramatic change of agenda.")
  5. Preuss, Evelyn. "The Wall You Will Never Know". Perspecta: The Yale Architectural Journal: 19–31. Cambridge, MA: MIT Press. 
  6. Three Top Commies Flee East Germany”. Sarasota Herald-Tribune 1–2 (23 January 1953). Dáta rochtana: 21 November 2019.
  7. 5 Flee East Germany”. Toledo Blade (31 May 1963). Dáta rochtana: 21 Samhain 2019.
  8. Eugene Register-Guard – Google News Archive Search”. news.google.com. Dáta rochtana: 2021-04-26.
  9. Files: 350 dies trying to flee East Germany”. The Victoria Advocate (28 Iúil 1992). Dáta rochtana: 21 Samhain 2019.
  10. Pridham, Geoffrey (1994). "Democratization in Eastern Europe". Routledge. ISBN 0-415-11063-7. 
  11. "East German leaders jailed.". The New Worker.
  12. "Krenz, Schabowski und Kleiber hatten sich nichts mehr zu sagen" (de). Berliner Zeitung. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Iúil 2012.