An tSacsain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Saorstát na Sacsaine
Freistaat Sachsen
Swobodny stat Sakska
Bratach Armas
Bratach Armas
Suíomh
Teanga An Ghearmáinis,
An tSoirbis Uachtarach
Príomhchathair Dresden
Comhordanáidí
na príomhchathrach
51° 3' N, 13° 44' E
An chathair is mó Leipzig
Achar
 - Iomlán

18,415.51 km²
Daonra
 - Iomlán (2009)
 - Dlús

4,189,122
228/km²
Airgead Euro (€)
Amchrios UTC +1, Am Samhraidh: UTC +2
Amhrán náisiúnta Sachsenlied

  (neamhoifigiúil):

Fógra sa tSacsain as Gearmáinis agus Soirbis

Is é Saorstát na Sacsaine (Gearmáinis: Freistaat Sachsen, Soirbis Uachtarach: Swobodny stat Sakska, Soirbis Íochtarach: Zwězkowy kraj Sakska) an séú stát is mó de réir daonra agus an deichiú stát is mó de réir achair sa Ghearmáin. 18,413 km² a achar talaimh agus is é 4.3 milliún a daonra.

Is í Dresden a príomchathair. Cathracha móra eile is ea iad Leipzig, Chemnitz agus Zwickau.

Tá an tSacsain ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha Brandenburg, an tSacsain-Anhalt, Thüringen agus an Bhaváir. Thairis sin, tá teorainneacha aici leis an bPolainn agus le Poblacht na Seice.

I Mí na Samhna sa bhliain 2006, bhí 4,252,000 duine ina gcónaí sa tSacsain. Tá daonra na Sacsaine ag dul i laghad, ós rud é go bhfuil sí dealbh dearóil cosúil leis an gcuid is mó d'oirthear na Gearmáine, agus na daoine ag dul siar ar lorg jabanna. Ó athaontú na Gearmáine i leith, chaill an stát sé chéad míle duine dá dhaonra.

Bunaíodh Saorstát na Sacsaine an chéad uair sa bhliain 1918, nuair a chaith Rí na Sacsaine uaidh an choróin. Roimhe sin, thugtaí Ríocht na Sacsaine ar an gcúige. Nuair a tháinig Poblacht Weimar ar an bhfód, chuaigh Saorstát na Sacsaine ann mar cheann de na cúigí. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, b'iad na trúpaí Sóivéadacha a d'fhorghabh an tSacsain. Nuair a tháinig Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine chun saoil faoi chúram na Sóivéadach in oirthear na Gearmáine, bhí an tSacsain ina cúige den stát sin ar dtús, mar Land Sachsen. Sa bhliain 1952, chuir na Cumannaigh deireadh leis na seanchúigí le córas nua a bhunú don rialtas réigiúnda. In áit na gcúigí (nó Länder), roinn siad an tír ina gceantair, nó Bezirke, a bhí cosúil leis na hoblasti san Aontas Sóivéadach, agus a ceantar féin timpeall ar gach cathair mhór. Mar sin, rinneadh trí cheantar den chineál nua den tSacsain, mar atá, Bezirk Dresden, Bezirk Leipzig, agus Bezirk Chemnitz (ina dhiaidh sin, baisteadh Karl-Marx-Stadt ar Chemnitz). Nuair a chuaigh an dá Ghearmáin le chéile arís i ndiaidh dheireadh an Chumannachais sa bhliain 1989, hathbhunaíodh na seanchúigí mar stáit chónascacha arís, ina measc siúd Saorstát na Sacsaine.

Is í an eite dheis, nó an CDU (an tAontas Críostaí Daonlathach), an páirtí is láidre sa tSacsain ó athaontú na Gearmáine. Is iad na hiar-Chumannaigh (PDS - Páirtí an tSóisialachais Daonlathaigh) an páirtí is mó ar an eite chlé. Níor éirigh leis an SPD (is é sin, daonlathaigh shóisialta Iarthar na Gearmáine) mórán dul chun cinn a dhéanamh riamh i dtoghcháin réigiúnda an stáit chónascaigh seo. Ón mbliain 2004 i leith, áfach, tá comhrialtas an CDU agus an SPD ag rialú na Sacsaine.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]