Conradh Élysée (1963)
| ||||
Cineál | conradh | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Palais de l'Élysée | |||
Cuid de | caidreamh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin | |||
Dáta na bliana | 22 Eanáir 1963 | |||
Teacht i bhfeidhm | 2 Iúil 1963 | |||
Suíomh | Palais de l'Élysée, An Fhrainc | |||
Tír | an Fhrainc agus an Ghearmáin | |||
Sínitheoir | ||||
Saothar iomlán ar fáil ag URL | treaties.un.org… |
Síníodh an Conradh Élysée idir an Ghearmáin agus an Fhrainc ar an 22 Eanáir 1963, an Conradh Franc-Ghearmánach um chomhar agus lánpháirtíocht agus bunús an dlúth-chomhoibrithe idir an dá thír.[1]
Tharla easaontas tromchúiseach idir an dá thír go luath ina dhiaidh sin, sna 1960idí, maidir le ceist iontráil na Ríochta Aontaithe isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a bhí ann ag an am.
Ó 2016 ar aghaidh, ós rud é go raibh an Ríocht Aontaithe imithe amach ón Aontas Eorpach, d'éirigh "ais"[2] na Gearmáine agus na Fraince níos tábhachtaí ná riamh.
Síníodh Conradh Aachen idir an dá thír ar 22 Eanáir 2019, céim nua sa chomhoibriú.[3] Cuimsíonn an comhoibriú roinnt pleananna le haghaidh ardleibhéal comhchuibhithe ar ghnéithe áirithe den dlí sa dá thír—gnéithe den dlí teaghlaigh, mar shampla.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Conradh Élysée" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-22.
- ↑ ""ais"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-01-22.
- ↑ "Aachen Treaty" (as en) (2021-01-22). Wikipedia.