Craobhchomórtas Sacair na hEorpa
| Cineál | comórtas sacair agus imeacht spóirt féiltiúil |
|---|---|
| Ina bhfuil | 1960 European Nations' Cup (en) |
| Spórt | sacar |
| Eagraí | UEFA |
| Rannpháirtithe | 24 |
| Áit agus dáta | |
| Áit | an Eoraip 53° 30′ N, 15° 30′ E / 53.5°N,15.5°E |
| Dátaí | 1960 – |
| Séasúr | An Meitheamh – |
| Minicíocht | 4 bliain |
| Eagraíocht | |
| Cathaoirleach | Aleksander Čeferin (2016–) |
| Rangú | |
| Buaiteoir | an Spáinn |
| Tuilleadh eolais | |
| Suíomh | uefa.com… |
- Féach ar UEFA Euro 2024 don chomórtas reatha.
Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Craobhchomórtas Sacair na hEorpa (ag tosú sa bhliain 1996 glaotar "Euro 2008" nó cibé bliain atá i gceist. Eagraíonn UEFA an comórtas gach ceithre bliana agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta na hEorpa a bheith páirteach. Bhuaigh an Spáinn an craobhchomórtas sa bhliain 2008, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl sa Pholainn agus Úcráin sa bhliain 2012.
Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna cluichí ceannais. Ní bhíonn ach sé fhoireann déag sna cluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach go díreach isteach sna cluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.
As an ceithre chomórtas déag a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag naoi náisiún. Tá trí bhua ag an Ghearmáin agus An Spáinn, níos mó ná aon fhoireann eile.
Na Comórtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eochair
- ab — tar éis am breise
- pion. — ciceanna pionóis
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Oifigiúil ag UEFA.com
- Stair ag UEFA.com
| Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |