Jump to content

UEFA Euro 2028

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtUEFA Euro 2028
Cuir in eagar ar Wikidata
CineálCraobhchomórtas Sacair na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíUEFA Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
Áitna hOileáin Bhriotanacha 54° N, 4° O / 54°N,4°W / 54; -4 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe agus Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh15 Meitheamh 2028 – 15 Iúil 2028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagrán18  (2028) Cuir in eagar ar Wikidata

2024 Cuir in eagar ar Wikidata
2032 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Craobhchomórtas UEFA sacair na hEorpa 2028, ar a dtugtar Euro 2028 freisin, an 16ú eagrán de Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa, comórtas a eagraíonn UEFA.[1]

Rishi Sunak (Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe) i lár, Gareth Southgate ar dheis, St George's Park Sasana, 2023

Is in Éirinn agus sa Bhreatain a chomhreáchtálfar craobhchomórtas sacair Euro 2028.[2] Is i mBÁC agus i gCaerdydd, Dún Éideann, Birmingham, Learpholl, Londain, Manchain agus Newcastle a imreofar na cluichí.

Bhí dhá pháirc imeartha in Éirinn luaite ar dtús i gcomhiarratas na hÉireann agus na Breataine, mar atá, Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Easmainn / Páirc Mhic Ásmaint i mBéal Feirste. Cuireadh Páirc Mhic Ásmaint i mBéal Feirste de liosta oifigiúil na staideanna don chomórtas i mí Mheán Fómhair 2023, mar gheall ar mhoilleanna athfhorbartha. Fágann sé sin gur Staid Aviva i mBaile Átha Cliath an t-aon ionad Éireannach don chomórtas.

Féadfaidh cúlbhealach a bheith ag Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann dul isteach sa chomórtas. bronnfar go huathoibríoch dhá áit ar na cúig fhoireann (Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann) ó na críocha ina mbeidh an comórtas ar siúl mura n-éiríonn leo cáiliú tríd an ngnáthchóras. (Is é Euro 2016 an uair dheireanach a bhí Poblacht na hÉireann i gcomórtas mór, nuair a shroich siad babhta 16 faoi stiúir Martin O’Neill).

Beidh 24 foireann páirteach in Euro 2028, le 12 ghrúpa cháilithe comhdhéanta de cheithre nó cúig fhoireann. Rachaidh na 12 bhuaiteoir grúpa agus na hocht dtánaiste is fearr isteach go huathoibríoch.

Sna babhtaí réitigh beidh ocht nó b’fhéidir 12 fhoireann, ag brath ar líon na bhfoirne óstacha nach nach mbeidh cáilithe ar an ngnáthbhealach. Tarraingeofar iad as measc  bhuaiteoirí grúpa Shraith Náisiún UEFA 2026–27 agus na tánaistí fágtha san fheachtas cáilithe.

Thug Rialtas na hÉireann le fios sa bhliain 2022 gur luach €361 milliún an sochar eacnamaíochta a bhainfí as cluichí Euro 2028 a imirt in Éirinn.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Cóilín Duffy (2025-05-23). "Dóchas do Phoblacht na hÉireann tar éis chinneadh UEFA maidir le Euro 2028" (ga-IE). An Páipéar, Eagrán #30. Dáta rochtana: 2025-05-25.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-10-04). "Cluichí i gcraobhchomórtas sacair Euro 2028 le himirt in Éirinn" (as ga-IE).