Jump to content

Páirc Mhic Asmaint

Páirc Mhic Asmaint
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósRuairí Mac Easmainn Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálStaid agus díol spéise do thurasóirí Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1953 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1953 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh88–104 Anderstonstown Rd, Belfast, BT11 9AN
Map
 54° 34′ 24″ N, 5° 59′ 02″ O / 54.5733°N,5.984°W / 54.5733; -5.984
Gníomhaíocht
ÚinéirCLG Chontae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Suíocháin32,600 Cuir in eagar ar Wikidata
SealbhóirCLG Chontae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Staid Mhic Easmuinn, Páirc Mhic AsmaintPáirc Mhic Easmainn,[1] an príomh-staid spóirt ina imrítear na cluichí Gaelacha i gcathair Bhéal Feirste. Is san áit seo a imríonn na foirne as CLG Chontae Aontroma a gcluichí baile. Tagann ainm na páirce ón réabhlóidí Éireannach Ruairí Mac Easmainn, a crochadh tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Tá cóir suí le 32,000 duine ann.

An bealach isteach in 1968
Craobhchomórtas Sinsir san Iománaíocht, Ard Mhacha vs Tír Eoghain, 2010

Osclaíodh Páirc Mhic Asmaint i mí an Mheithimh sa bhliain 1953, nuair a bhuaigh na Harps ó Ard Mhacha in éadan Naomh Sheáin ó Chontae Aontroma. Sa bhliain chéanna, imríodh an chéad chluiche ceannais peile Uladh sa pháirc. B'é Ard Mhacha a fuair an lámh in uachtar i gcoinne an Chabháin ar an ócáid sin.

Go hiomlán, imríodh ocht cluichí ceannais Uladh i bPáirc Mhic Asmaint.[2]

Druideadh Páirc Mhic Asmaint i mí an Mheithimh 2013 agus ní raibh baile buan ag an CLG in Aontroim ó shin.[3]

Bhí an Pháirc díomhaoin agus fágtha ina fhothrach sna 2010idí.

In 2024, tar éis míonna de shiléig agus cur i gcéill na dTóraithe chinn an Lucht Oibre nach gcuirfí maoiniú ar fáil chun Staid Mhic Easmuinn a fhorbairt. Bhí an costas méadaithe go £400 milliún, dar leis na Státrúnaithe Hilary Benn agus Lisa Nandy agus an baol ann, fiú dá gceadófaí an caiteachas nach mbeadh an staid faoi réir in am don chomórtas sacair Euro 2028. I bhfianaise na deighilte is buaine i dTusiceart Éireann, bhí roinnt de lucht leanta sacair ríméadach nach mbeadh Euro 28 á imirt in iarthar ‘náisiúnach’ Bhéal Feirste. B’údar díomá é do mhóramh na ndaoine, daoine a mheas gur dheis amú é.[4]

In 2025, bhí £50 milliún lamháilte ag Rialtas na Breataine le haghaidh athchóiriú ó bhonn Pháirc Mhic Easmainn. Fógraíodh an maoiniú úr san athbhreithniú caiteachais a d'fhoilisgh Seansailéir Státchiste na Breataine Rachel Reeves ar an 11 Meitheamh 2025. Chomh maith leis an maoiniú seo, bhí £43 milliún geallta ag Rialtas na hÉireann, £62.5 milliún ag Feidhmeannas Stormont agus £15 milliún ag CLG féin.[5]

  1. Casement Park mar a ghlaoitear uirthi as Béarla
  2. gaa.ie (2012). "Aogán O Fearghail, Uachtarán Chomhairle Uladh CLG". Dáta rochtana: 2021.
  3. Jack Mac Íomhair (2024-09-17). "Ní leor rialtas nach bhfreastalaíonn ar riachtanais" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-09-18.
  4. Póilín Ní Chiaráin (18 Meán Fómhair 2024). "Ní méiseáil go dtí Staid Mhic Easmuinn, scéal na ‘City deals’ agus cás mharú Sheán Brown" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-18.
  5. Nuacht RTÉ (2025-06-11). "Atógáil Pháirc Mhic Easmainn: £50m geallta ag an mBreatain" (as ga-IE).