Hilary Benn
Is polaiteoir Sasanach é Hilary Benn MP (a rugadh ar an 26 Samhain 1953), agus ball de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Ceapadh é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar an 5 Iúil 2024.


Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a athair, polaiteoir mór le rá Tony Benn, i bhfad amach ar an eite chlé. Bhí tionchar nach beag ag nach beag ag Tony Benn, fiú sna 2000idí, ar pholaiteoirí, meáin agus pobal thall cionn is an seasamh a bhí aige ar go leor ceisteanna a bhain le cothromas don aicme oibre, dílseacht sa pholaitíocht agus go háirithe a dúil i mbunphrionsabail lucht bunaithe Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain.[1]
Bhí Tony Benn i gcónaí i bhfách le hathaontú na hÉireann agus ba dhéistin leis críochdheighilt.[1]
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Benn mar Scáth-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha in 2015.[2]
Ceapadh Benn mar Scáth-Rúnaí Thuaisceart Éireann in 2023.
Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cheap Keir Stamer é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar an 5 Iúil 2024.
Tharraing Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023 conspóid nuair a ritheadh é. D’fhógair rialtas na Breataine de chuid Keir Starmer "cealú an Achta" mar chuid dá gclár oibre. Ach is léir nach aisghairm an Achta atá ar intinn ag Benn ach leasú. Tá sé soiléir go bhfuil sé diongbháilte go gcoinneofar an Coimisiún a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an ICRIR (Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery).[3]
In 2024, bunaíodh Coimisiún de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe, an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Eolais (CNAAE).[4][5] D’eascair an CNAAE as an bplean conspóideach de chuid na dTóraithe a gheall cosaint ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí as eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí. Ach lean an tionscal ar aghaidh faoi Benn.
In 2025, bhí sé dearbhaithe ag Benn go ndéanfaidh sé “aisghairm ar Acht um Riar an Cheartais (Éire) 1737”, píosa reachtaíochta a tháinig isteach le linn aimsir na bPéindlithe a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh.[6]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Benn mac léinn eile in Oxford, Rosalind Caroline Retey sa bhliain 1973; 20 bliain d'aois a bhí an lánúin ag an am. Fuair Retey bás den ailse in 1979.
Phós Benn Sally Christina Clark in 1982 agus tá ceathrar clainne orthu.
Is é uachtarán oinigh ar Dundela F.C. i mBéal Feirste.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Tony Benn i ndiaidh a bháis | Raidió Fáilte". web.archive.org (2017-11-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-21. Dáta rochtana: 2021-03-13.
- ↑ "Bata agus bóthar tugtha don ‘Rt Hon Pat Jimmy Den Rua MP’ mar gheall ar ráiteas faoin sceimhlitheoireacht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2016-01-06). Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (21 Iúil 2024). "Smál do-ghlanta ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ nó Coimisiún um Athshlánú Eolais agus Athmhuintearas (nó Faisnéise). I mBéarla, Independent Commission for Reconciliation and Information nó an ICRIR
- ↑ "Home page" (en-GB). Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ Conradh na Gaeilge (Feabhra 2025). "‘Clochmhíle stairiúil’ eile agus Acht 1737 ó aimsir na bPéindlithe a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh le haisghairm - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2025-03-02.
- ↑ "Dundela F.C." (as en) (2024-07-22). Wikipedia.