Chris Heaton-Harris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChris Heaton-Harris

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Christopher Heaton-Harris
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1967
56 bliana d'aois
Epsom, England Cuir in eagar ar Wikidata
Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann
6 Meán Fómhair 2022 –
← Shailesh Vara (en) Aistrigh
Rúnaí Parlaiminte an Státchiste
8 Feabhra 2022 – 6 Meán Fómhair 2022
← Mark SpencerWendy Morton →
Aire Stáit don Eoraip
19 Nollaig 2021 – 8 Feabhra 2022
← Wendy MortonJames Cleverly →
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 –

Toghcheantar: Daventry (en) Aistrigh

An tAire Stáit d'Iompair
25 Iúil 2019 – 19 Nollaig 2021
← Michael Ellis (en) AistrighWendy Morton →
Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte chun an Aontais Eorpaigh
9 Iúil 2018 – 3 Aibreán 2019
← Steve Baker (en) Aistrigh
Ard-Reachtaire an Rítheaghlaigh
9 Eanáir 2018 – 9 Iúil 2018
← Christopher Pincher (en) AistrighMark Spencer →
Leascheannaire Theach na dTeachtaí
9 Eanáir 2018 – 9 Iúil 2018
← Michael Ellis (en) AistrighMark Spencer →
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Daventry (en) Aistrigh

Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Daventry (en) Aistrigh

Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Bealtaine 2010 – 30 Márta 2015 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Daventry (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: An Páirtí Coimeádach

20 Iúil 2004 – 13 Iúil 2009
Téarma parlaiminte: Séú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: East Midlands (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: An Páirtí Coimeádach

20 Iúil 1999 – 19 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: East Midlands (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
1 Bealtaine 1999 – 4 Meitheamh 2009
← luach ar iarraidh – Emma McClarkin (en) Aistrigh →
Toghcheantar: East Midlands (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Wolverhampton
Tiffin School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Facebook: chhcalling Twitter: chhcalling Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Sasanach é Christopher Heaton-Harris MP (a rugadh ar an 28 Samhain 1967), agus ball den Pháirtí Coimeádach. Ceapadh é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar 6 Meán Fómhair 2022.[1][2]

D’fhóin sé roimhe seo mar Phríomh-Aoire an Rialtais i dTeach na dTeachtaí agus mar Rúnaí Parlaiminte don Státchiste ó mhí Feabhra go Meán Fómhair 2022.

Tá Heaton-Harris go mór i bhfábhar Brexit agus é ina Chathaoirleach le 6 bliana anuas ar an European Research Group – an grúpa d'fheisirí parlaiminte sa bPáirtí Caomhach a bhí i mbun feachtais ar son na Breatimeachta.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Heaton-Harris ar an 28 Samhain 1967 agus d’fhreastail sé ar Scoil Tiffin i Kingston upon Thames.[3] D’fhreastail sé ar Polaiteicnic Wolverhampton,[4] a rinneadh Ollscoil Wolverhampton de i 1992 .

D’oibrigh sé don ghnó teaghlaigh ag New Covent Garden Market, sular ghlac sé ceannas an ghnó What4 Ltd ar láimh ón a athair ar feadh aon bhliain déag.[5][6]

Heaton-Harris sa bhliain 2020

Gairm pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

In olltoghchán na R-A sa bhliain 1997 níor éirigh leis ina iarracht suíochán a bhuachan sa toghcheantar Leicester Theas.[7]

Bhí sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa do Lár na Tíre Thoir ó 1999 go 2009.[8]

Ní raibh fonn air fanacht san Eoraip ach níor éirigh leis suíochán a bhuachan arís i fothoghchán sa toghcheantar Leicester Theas sa bhliain 2004.[6]Cuireadh Heaton̠-Harris ar an 'A list' den pháirtí nuair a tháinig sé ar ais ó Pharlaimint na hEorpa in 2009. Toghadh é thar ceann Daventry[9] san olltoghchán Westminster sa bhliain 2010.

Ceapadh é go díreach mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Taighde na hEorpa (European Research Group) in Westminster agus d'fhan sé sa phost sin go dtí 2016.

Bhí Heaton-Harris ina fhuip i rialtas Theresa May ó 2017 go 2018.

D’fhóin sé mar Leas-Cheannaire ar Theach na dTeachtaí agus mar Ard-Reachtaire an Rítheaghlaigh ó Eanáir go Meitheamh 2018. Bhí sé ina Aire Breatimeachta ó 2018 go 2019, sular éirigh sé as chun tacú leis an dara tairiscint do cheannaireacht na gCaomhach de chuid Andrea Leadsom, tairiscint a chaill sí do Boris Johnson .

Ar 25 Iúil 2019, cheap Johnson é ina Aire Stáit Iompair.

Ceapadh Heaton-Harris ina Aire Stáit don Eoraip an 19 Nollaig 2021 nuair a aistríodh freagracht aireachta don Eoraip amach as an Oifig Comh-Aireachta agus chuig an Oifig Gnóthaí Eachtracha.[10] Bhí sé ina Aire Stáit don Eoraip faoin Rúnaí Eachtracha Liz Truss ó 2021 go 2022.

I mí Feabhra 2022 ceapadh Heaton-Harris ina Phríomh-Aoire ar an bPáirtí Coimeádach.[11] Bhí mar chúntóir aige Chris Pincher; d'éirigh Pincher as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine i mí Iúil, i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis. Bhris an scannal sin rialtas Johnson.[12][13]

Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap Liz Truss é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar 6 Meán Fómhair 2022.[2] Dúirt Heaton-Harris go díreach gur bhfearr leis ceist an Phrótacail a shocrú tré chomhráití. Ach dúirt sé freisin go bhfeidhmeofar reachtaíocht ar an gceist "más gá".

Ar 28 Deireadh Fómhair. gheall sé go ndéanfadh sé gach a bhféadfadh sé lena chinntiú nach mbeadh seirbhísí poiblí thíos leis.[14][15]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Who is Chris Heaton-Harris? All you need to know about Northern Ireland’s new Secretary of State" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 6 September 2022.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-09-07). ""Reachtaíocht an Phrótacail más gá" – An Státrúnaí nua" (as ga-IE). 
  3. HEATON-HARRIS, Christopher”. Who's Who 2017. A & C Black (November 2016). Dáta rochtana: 29 October 2017.
  4. Madeley (31 October 2017). "Brexit voters are 'thick': Labour MP comment sparks fury". Express & Star.
  5. New Covent Garden Market — [Mr Philip Hollobone in the Chair – in Westminster Hall at 3:54 pm on 2nd July 2019.]”. Theyworkforyou.com. Dáta rochtana: 7 August 2020.
  6. 6.0 6.1 Chris Heaton-Harris”. Politics.co.uk. Dáta rochtana: 8 August 2020.
  7. Chris Heaton-Harris MP”. Parliament.co.uk. Dáta rochtana: 7 August 2020.
  8. About Chris”. Chris Heaton-Harris MP. Dáta rochtana: 8 August 2018.
  9. "Daventry (UK Parliament constituency)" (as en) (2022-08-23). Wikipedia. 
  10. Ministerial appointments: 19 December 2021” (en). GOV.UK. Dáta rochtana: 19 December 2021.
  11. agus mar Rúnaí Parlaiminte don Státchiste, sa phost sin ó mhí Feabhra go Meán Fómhair 2022.
  12. Nuacht RTÉ (2022-07-06). "Cos i bhfeac ag Johnson ach tuilleadh dílseánach á thréigean" (as ga). 
  13. Nuacht RTÉ (2022-07-07). ""Boris Johnson chun éirí as mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh"" (as ga). 
  14. Nuacht RTÉ (2022-10-28). "Toghchán tionóil: Heaton-Harris idir dhá chomhairle, is cosúil" (as ga). 
  15. Nuacht RTÉ (2022-10-28). "Heaton-Harris cáiréiseach go fóill faoina bhfuil ar intinn aige" (as ga).