Tony Benn
Ba pholaiteoir Briotanach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é Anthony Neil Wedgwood "Tony" Benn (3 Aibreán 1925 - 14 Márta 2014), a bhí i bhfad amach ar an eite chlé. "Leantóir Íosa", mar a dúirt sé, agnóisí ba é i ndáiríre.[1]


Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Benn mar MP i mBriostó sa bhliain 1950 don chéad uair. Ball den uasaicme, bronnadh tiarnaí[2] air sa bhliain 1960, rud nár thaitin ar chor ar bith leis.
An tAire Fuinnimh ab ea é sa rialtas Callaghan (1974-1979). Cé nach raibh Benn i rialtas sa Bhreatain ó 1979 i leith, bhí tionchar nach beag ag Benn, fiú sna 2000idí, ar pholaiteoirí, meáin agus pobal thall cionn is an seasamh a bhí aige ar go leor ceisteanna a bhain le cothromas don aicme oibre, dílseacht sa pholaitíocht agus go háirithe a dúil i mbunphrionsabail lucht bunaithe Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain.[3]
Bhí Benn i gcónaí i bhfách le hathaontú na hÉireann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hilary Benn, a mhac agus Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Tony Benn leaves life to spend less time on politics". www.churchtimes.co.uk. Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ i mBéarla, peerage
- ↑ "Tony Benn i ndiaidh a bháis | Raidió Fáilte". web.archive.org (2017-11-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-21. Dáta rochtana: 2021-03-13.
| Is síol faoi dhuine Sasanach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta a bhaineann le daoine as Sasana
- Daoine a rugadh i 1925
- Básanna in 2014
- Airí Rialtais na Ríochta Aontaithe
- Alumni Ollscoil Oxford
- An Dara Cogadh Domhanda
- Briostó
- Daoine as Londain
- Daoine faoi mhíchumas
- Dírbheathaisnéisithe
- Eitleoirí Sasanacha
- Eoraisceiptigh
- Feiminigh Shasanacha
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir
- Gníomhaithe cearta daonna
- Gníomhaithe na heite chlé
- Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)
- Poblachtánaigh na hÉireann
- Polaiteoirí Sasanacha
- Saighdiúirí Sasanacha
- Sóisialaithe