Plé:Réabhlóid Dheireadh Fómhair

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bolscaireacht Chumannach. Is é an dearcadh atá ag na staraithe go léir inniu ná nach raibh "éirí amach", ach coup d'état i gceist leis an réabhlóid Boilséiveach. Sin é an NPOV, dháiríre. Bhuel, déanfaidh mé athscríobh agus fairsingiú cuimsitheach ar an gceann seo lá de na laethanta. Panu Petteri Höglund 20:56, 14 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Moro! Níl fadhb agam leis an téarma coup d'état in aon chor. Rinne mé aistriúchán ón alt atá acu sa wiki Béarla, agus b'é "éirí amach" an chéad téarma a tháinig liom. Bhí iontas orm nuair a léigh mé anseo go raibh mé ag scríobh bolscaireacht Chumannach, nó aon bolscaireacht eile :) An Tóin Mór 11:09, 15 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Ó bhuel, gabh mo leithscéal. Tiocfaidh mé anseo an lá is faide anonn le major face-lift a thabhairt don leathanach cibé scéal é, ach níl a fhios agam cathain a bheidh am agam chuige sin. :( Panu Petteri Höglund 13:00, 15 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Tá an chuid is mó den alt Béarla aistrithe agam anois. Rachaidh mé ar lorg tuilleadh eolais sna leaganacha eile (Gearmáinis, Polainnis ach go háirithe) nuair a bheidh an t-alt Béarla aistrithe go hiomlán. Panu Petteri Höglund 11:23, 14 Meán Fómhair 2006 (UTC)[reply]


Sean-íomhá - world october revolution poster.jpg ... scriosadh í Réabhlóid Dheireadh Fómhair - póstaer. Tá téacs an phóstaeir ag gealladh réabhlóid dhomhanda an Bhoilséiveachais. Feictear lucht an rachmais ag éalú, roimh bhratach mhór dhearg, a bhfuil na focail Rúisise Мировой Октябрь/Mirovoy Oktyabr - "Deireadh Fómhair ar fud an domhain" - le léamh uirthi. ̞TGcoa (plé) 23:48, 7 Samhain 2020 (UTC)[reply]