Jump to content

Gleasnast

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGleasnast
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(ru) гла́сность Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbeartas Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1985 - 1991
Tíran tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Bolscaireacht sa bhliain 1988

San Aontas Sóivéadach sna 1980idí, chiallaigh gleasnast (Rúisis: гласность, Béarla: glasnost, IPA: [ˈɡlasnəsʲtʲ] (éist))) 'oscailteacht' nó réchúiseachas.

Bhí a fhios ag Míchail Gorbaitseov, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, sna 1980idí, go gcaithfeadh an APSS athrú ó bhun, idir chúrsaí polaitiúla agus chúrsaí eacnamaíocha, dá mb’áil leis fanacht beo. Spreag Gorbaitseov an pobal fosta, áfach, cáineadh cruthaitheach a dhéanamh ar an chóras chumannach .[1]

B'é an focal "gleasnast" (agus peireastráice) a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. Bhí na coincheapanna seo lárnach maidir le tuiscint a fháil ar an Rúis sna 1980idí.[2] D'athraigh an saol san Aontas ag an am, agus baineadh srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  2. curriculumonline.ie. "An Stair ː DRÉACHT-THREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ". Dáta rochtana: 2022.