Míchail Gorbaitseov
Iar-cheannaire na Rúise is ea Míchail Gorbaitseov[1] nó Mikhail Gorbachev (Rúisis: Михаи́л Серге́евич Горбачёв), a bhí i gceannas idir 1985 agus 1991 (rugadh i bPrivolnoye, an Rúis, é ar an 2 Márta 1931). Ba é Gorbachev an ceannaire deireanach ar an Aontas Sóivéadach.
Teacht i réim[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair Leonid Brezhnev bás sa bhliain 1982. Ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin, chonacthas beirt seanfhear, Yuriy Andropov agus Konstantin Chernenko, ag rialú an Aontais go tiubh sna sálaí ag a chéile. Ceannairí idirlinne ab ea iad nach raibh mórán difríochta idir iad agus Brezhnev.
Sa bhliain 1985, áfach, tar éis bhás Chernenko, ba é Gorbachev a ghlac ceannaireacht an pháirtí, an tríú ceannaire taobh istigh de thrí bliana.[2]
Bhí sé i bhfad ní b'óige ná mar ba ghnách d'Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh a bheith, agus chrom sé ar an eacnamaíocht, an Páirtí agus an polasaí meán cumarsáide a chur i gcrích.
Leasuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Gorbachev go háirithe an-bhuartha faoi staid an gheilleagair Rúisigh. Ba eisean an chéad cheannaire Sóivéadach nach raibh baint pholaitiúil aige leis an ré Stailíneach. Bhí a fhios ag Gorbachev nach dtiocfadh leis an Rúis leanúint de bheith ag caitheamh airgid gan stad ar mhaithe le bheith ag an leibhéal céanna caiteachas cosanta le SAM:

B'iad na focail 'peireastráice" (perestroika, "atógáil, athstruchtúrú") agus "gleasnast" (glasnost', "neamhbhailbhe") a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú.
B'é an gleasnast ba mhó a d'athraigh an saol san Aontas, nó bhain sé srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte agus teacht ar eolas an chéad uair riamh sa stair.

Deireadh leis an gCogadh Fuar[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí Dheireadh Fómhair 1989, thug Míchail Gorbachev cuairt ar Bheirlín Thoir agus spreag na daoine le brú ar son an daonlathais.[3]
Rinne Gorbachev iarracht athchóiriú a dhéanamh, agus cuireadh deireadh leis an gCogadh Fuar mar thoradh. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i 1990.
Titim an rialtais Sóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní raibh Gorbachev féin ag súil leis an seachthoradh, áfach, gur thosaigh na poblachtaí Sóivéadacha éagsúla ag éileamh forlámhais ar a gcuid tailte, nó fiú neamhspleáchas,
Tharla Iarracht ar coup d'état san APSS i 1991. Theip ar na ceannaircí nuair a chuir trúpaí a bhí dílis do Yeltsin agus Gorbachev an coup faoi chois. D'fhógair Boris Yeltsin ar an 22 Lúnasa 1991 go raibh an coup thart. Bhain sé dea-cháil amach.
Ní raibh an oiread cumhachta ag Gorbachev agus a bhíodh. Cuireadh ar ais in oifig é. Ach laistigh de cheithre mhí, eisreachtaíodh an Páirtí Cumannach sa Rúis. Roimh deireadh na mbliana, bhí a neamhspleáchas fógartha ag gach ceann de na 15 poblacht san APSS. Chruthaigh triúr de na stáit ba mhó, an Rúis, an Úcráin agus an Bhealarúis aontas nua darb ainm Comhlathas na Stát Neamhspleách.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""Míchail Gorbaitseov"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-19.
- ↑ Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Fall of the Berlin Wall: It was thanks to Soviet leader Mikhail" (en). The Independent (2014-10-30). Dáta rochtana: 2020-08-19.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Ceannairí na Rúise |
||
![]() ![]() |
||
Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II | ||
![]() ![]() ![]() |
||
Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov | ||
![]() |
||
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |