Antonio Gramsci
Fealsamh Marxach, scríbhneoir, teangeolaí, iriseoir, agus polaiteoir Iodálach ba ea Antonio Francesco Gramsci ([anˈtɔːnjo franˈtʃesko ˈɡramʃi]; 22 Eanáir 1891 – 27 Aibreán 1937). Ina chuid scríbhneoireachta, rinne sé trácht ar fhealsúnacht, teoiric pholaitíochta, socheolaíocht, stair, agus teangeolaíocht. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach na hIodáile agus bhí sé ina cheannaire ar an bpáirtí sin ó 1924 go 1926. Nuair a tháinig Benito Mussolini agus na Faisistithe i réim in 1922, cháin Gramsci iad go neamhbhalbh go dtí gur cuireadh i bpríosún é in 1926, áit ar fhan sé go bhfuair sé bás in 1937.
Le linn dó a bheith sa phríosún, scríobh Gramsci níos mó ná 30 leabhar nótaí agus 3,000 leathanach de stair agus anailís. Smuigeáladh na lámhscríbhinní as an bpríosún sna 1930idí, agus foilsíodh iad den chéad uair in 1947 faoin teideal Quaderni del carcere (Gaeilge: Leabhair Nótaí Príosúin). D'imir na leabhair nótaí tionchar mór ar theoiric pholaitiúil an 20ú haois.[1] Tharraing Gramsci léargais ó fhoinsí éagsúla — ní hamháin ó Mharxaigh eile, ach ó smaointeoirí ar nós Niccolò Machiavelli, Vilfredo Pareto, Georges Sorel, agus Benedetto Croce chomh maith. Phléigh sé raon leathan ábhar, mar shampla stair na hIodáile agus náisiúnachas na hIodáile, Réabhlóid na Fraince, an Faisisteachas, Taylorachas agus Fordachas, an tsochaí shibhialta, an stát, ábharachas stairiúil, béaloideas, reiligiún, ardchultúr, agus cultúr na ndaoine.
Is fearr aithne ar Gramsci as a theoiric ar heigeamaine chultúrtha, teoiric a dhéanann cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann an stát agus an aicme chaipitlíoch — an bourgeoisie — institiúidí cultúrtha chun saibhreas agus cumhacht a choinneáil. Ba é dearcadh Gramsci go bhforbraíonn an bourgeoisie cultúr heigeamaineach trí idé-eolaíocht seachas trí fhoréigean, fórsa eacnamaíoch, nó comhéigniú. Rinne sé iarracht freisin briseadh ón chinnteachas eacnamaíoch a bhí lárnach i smaointeoireacht ortadocsach na Marxach ag an am, agus dá bharr sin deirtear uaireanta gur nua-Mharxach é Gramsci.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Gramsci in Ales, i Provìntzia de Aristanis (Cúige Aristanis), ar oileán na Sairdíne, an ceathrú duine de sheachtar mac le Francesco Gramsci (1860–1937) agus Giuseppina Marcias (1861–1932).[3] Rugadh Francesco Gramsci i mbaile beag Gaeta, i Provincia di Latin (Cúige Latina), Lazio (inniu, i réigiún lárnach na hIodáile Lazio ach ag an am sin bhí Gaeta fós mar chuid de Terra di Lavoro i nDeisceart na hIodáile), de shliocht teaghlaigh as réigiúin dheisceartacha na hIodáile, Campania agus Calabria, agus de shliocht Arbëreshë (Iodáileach-Albánach).[4][5] Chreid Gramsci féin gur fhág teaghlach a athar an Albáin chomh déanach le 1821.[6][7][8] Tá bunús Albanach theaghlach a athar le feiceáil sa sloinne Gramsci, leagan Iodáilithe de Gramshi, a thagann ón ainmfhocal cinnte den logainm Gramsh, baile beag in lár-thoir na hAlbáine.[9] Bhain máthair Gramsci le teaghlach Sairdíneach a raibh tailte acu i Sòrgono, i Provìntzia de Nùgororo.[10] D'oibrigh Francesco Gramsci mar oifigeach íseal-leibhéil,[4] agus chuir a dheacrachtaí airgid agus a thrioblóidí leis na póilíní iachall ar an teaghlach bogadh trí roinnt sráidbhailte sa tSairdín sular shocraigh siad síos in Ilàrtzi) sa deireadh.[11] Le linn a óige sa tSairdín, d'fhorbair Antonio Gramsci meas domhain ar an litríocht agus ar an amharclannaíocht — ag léamh saothar le húdair Iodálacha agus Eorpacha..[12]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Sassoon 1991.
- ↑ Haralambos & Holborn 2013.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- 1 2 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (it).
- ↑ Pipa, Arshi (1989). "The politics of language in socialist Albania". Boulder, Colorado: East European Monographs. "I myself have no race. My father is of recent Albanian origin. The family escaped from Epirus after or during the 1821 wars <of Greek Independence> and Italianized itself rapidly." Lettere dal carcere (Letters from Prison), ed. S. Capriogloi & E Fubini (Einaudi, Turin, 1965), pp. 507–508."
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Manzelli, Gianguido (2004). "Italiano e lingue immigrate a confronto: riflessioni per la pratica didattica, Atti del Convegno-Seminario, Bergamo, 23–25 giugno 2003". Guerra Edizioni. "Antonio Gramsci, nato ad Ales (Oristano) nel 1891, fondatore del Partito Comunista d'ltalia nel 1921, arrestato nel 1926, morto a Roma nel 1937, portava nel proprio cognome la manifesta origine albanese della famiglia (Gramsh o Gramshi, con l'articolo determinativo finale in -i, è il nome di una cittadina dell'Albania centrale)."
- ↑ Germino, Dante L. (1990). "Antonio Gramsci: Architect of a New Politics". Baton Rouge: Louisiana State University Press.
- ↑ Hoare & Smith 1971, p. xviii.
- ↑ Pearmain, Andrew (1977). "Antonio Gramsci: A Biography". Brill.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Haralambos, Michael; Holborn, Martin (2013), Sociology Themes and Perspectives (8ú heagrán), Nua-Eabhrac: HarperCollins, ISBN 978-0-00-749882-6.
- Sassoon, Anne Showstack (1991), "Prison Notebooks", in Bottomore, Tom; Harris, Laurence; Kiernan, V.G.; Miliband, Ralph (eagarthóirí), The Dictionary of Marxist Thought (dara heagrán), Blackwell Publishers Ltd., lgh. 446–447, ISBN 0-631-16481-2.