Niccolò Machiavelli
Niccolò Machiavelli | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Flórans, Bealtaine 3, 1469 |
Náisiúntacht |
Republic of Florence (en) ![]() |
Bás |
Sant'Andrea in Percussina (en) ![]() |
Áit adhlactha |
Basilica of Santa Croce (en) ![]() |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | (Peireatóiníteas) |
Muintir | |
Athair | Bernardo di Niccolò Machiavelli |
Céile/Céilí |
Marietta Corsini (en) ![]() |
Páistí |
liosta iomláin
|
Siblíní |
liosta iomláin Totto Machiavelli (en)
![]() |
Teaghlach |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Flórans |
Teangacha |
An Iodáilis Tuscan (en) ![]() |
Gairm | |
Gairm |
scríbhneoir, polaiteoir, staraí, fealsamh, political theorist (en) ![]() |
Áit oibre | An Iodáil |
Saothar iomráiteach |
An Prionsa Discourses on Livy (en) ![]() |
Gluaiseacht |
High Renaissance (en) ![]() |
Creideamh | |
Reiligiúin | Caitliceachas |
IMDb | nm0532608 |
![]() |
Údar agus polaiteoir Iodálach ab ea Niccolò Macchiavelli (3 Bealtaine 1469 - 21 Meitheamh 1527). Scríobh sé an leabhar Il Principe (An Prionsa) mar shaghas treoirleabhair do phrionsa Iodálach ar conas an stát a rialú. Tugann an tráchtas comhairle neamhscrupallach.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba dhlíodóir é a athair i gcathairstát Fhlórans. Níl mórán eolais againn faoina shaol go dtí go ndearnadh rúnaí agus Dara Seansailéir Fhlórans de i 1498. Lean sé sa phost sin go dtí 1512.
Seoladh ar mhisin go dtí an Fhrainc, an Ghearmáin agus na cathairstáit Iodálacha eile é.
I 1512 d'fhill na Medici ar Fhlórans agus briseadh as a phost é. Cuireadh faoi ghlas agus céasadh é, roimh dhul go dtí a fheirm i San Casciano lena bhean chéile agus a seisear clainne, áit a dhírigh sé é féin ar an scríbhneoireacht agus an staidéar. Scríobh sé an leabhar An Prionsa ag an am seo. I 1520 bronnadh airgead air chun stair chathair Fhlórans a scríobh. Chríochnaigh sé an leabhar seo sa bhliain 1525.
D'fhill sé ar an saol poiblí ar feadh tamaill roimh a bhás. Chomhoibrigh sé go dlúth leis na Medici agus an Pápa Clemeint VII. Ach bhí fadhbanna aige nuair a fógraíodh poblacht i bhFlórans sa bhliain 1527. Thit sé tinn agus fuair sé bás (níl muid cinnte céard a tharla) go gairid ina dhiaidh sin, in,aois 58.